Baile Ceisteanna

Ceisteanna

Coimirce Sóisialaí

Mar Aire Coimirce Sóisialaí, teastaíonn uaim cabhair a thabhairt dóibh siúd is mó a theastaíonn cúnamh ón Stát uatha. Chomh maith leis sin, creidim go bhfuil fadhb mhór againn le dífhostaíochta sa tír agus go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach breis oibre a thabhairt do dhaoine atá ag fáil cúnamh leasa shóisialaigh, ar nós an Liúntas Feirme, Liúntas an Chuardaitheora Poist agus Sochar an Chuardaitheora Poist.

Nuair a aistreofar na cúramaí a bhaineann le Seirbhísí Fostaíochta FÁS ar nós an Scéim Fostaíochta Pobail, An Scéim Sóisialta Tuaithe, An Clár Tionscnaíochta Fostaíochta agus an Clár Seirbhísí Pobail go dtí an Roinn Coimirce Sóisialaí, beidh mé ag breathnú ar na scéimeanna seo a úsáid le deiseanna fostaíochta a chur ar fáil do dhaoine.

   

Fianna Fáil

Ón am ar bunaíodh Fianna Fáil, b’í aidhm an pháirtí ná tír ceannasach neamhspleách a bhaint amach ar bhonn 32 contae, tríd cairdeas idir an phobal Aontachtach agus Náisiúnach in Éirinn. Ar ndóigh, tá dul chun cinn mór déanta leis an cairdeas seo a chothú ó aontaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

Mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, bhí baint agam, ní amháin le Foras na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann ach freisin leis an Boord o Ulstér-Scotch (An Bord Ultach Albannach). Chonaic mé tríd forbairt na teanga go bhféadfadh an dá traidisiún sa tír seo oibriú le chéile agus an meas ar na traidisiúin éagsúla atá ar an oileán seo a chothú.

Ar ndóigh ó bunaíodh Fianna Fáil, bhí an-bhéim ar eacnamaíocht na hÉireann a láidriú le go bhféadfadh pobal na hÉireann caighdeán maith maireachtála a bheith acu. Le 84 bliain anuas, tá go leor bainte amach ach tá go leor fós le déanamh. Tá bochtanas fós sa tír agus tá daoine fós ag fulaingt. Ar an iomlán, tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán maireachtála muintir na hÉireann ó bunaíodh Fianna Fáil agus is faoi rialtais ina raibh Fianna Fail páirteach iontu is mó a déanadh an dul chun cinn.

Ar ndóigh, bhí sé mar bhun-chloch ag Fianna Fáil i gcónaí an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá obair mhór déanta i dtaobh an Ghaeilge le blianta beaga anuas le Acht an dTeangacha Oifigiúla, bunú Oifig an Choimisinéara Teanga agus an Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

   

Córas Iompair

Creidim go bhfuil cúrsaí iompair an-tábhachtach d' fhorbairt Iarthar na hÉireann. De bhrí go bhfuil muid inár gcónaí ar oileán ar chósta Iarthar na hEorpa, tá cúrsaí taistil an-tábhachtach d' fhorbairt eacnamaíochta agus sóisialta an réigiúin.

Táim an-sásta go n-osclófar an bóthar nua ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh ar an 4ú Eanáir 2010. Leanfaidh mé orm ag obair le cinntiú go mbeidh muid in ann na deacrachtaí a bhaineann le cuarbhóthar na Gaillimhe a réiteach agus go ndéanfar dul chun cinn ar an tionscnamh seo chomh luath agus is féidir. Chomh maith leis sin, leanfaidh mé ag obair le go ndéanfaí uasghrádú ar an N59 ó thús go deireadh chomh maith leis an mbóthar nua le cósta, an R336 ó na Forbacha go Scríb.

Táim le cupla bliain anuas ag labhairt ar son na bealaí iarnróid atá ann cheana féin a úsáid i gcóir soláthar seirbhísí comaitéireachta. Tá baint agam le forbairt Bhealach an Iarthair, agus táim an-sásta go mbeidh an píosa ó Inis go Áth an Rí a bhéas ag freastal ar sheirbhísí traenach ó Luimneach go Gaillimh ag oscailt i mí na Nollag 2009. Sa bplean Iompar 21, tá tiomántas daingean ann d'ath-oscailt an iarnróid ó Áth an Rí go Tuaim roimh 2011 agus tá sé tugtha le fios dom ag cathaoirleach Iarnród Éireann go mbeidh obair shuirbhéireachta ar an bpíosa seo den líne ag tosú tar éis ath-oscailt an líne ó Inis go Áth an Rí.

Maidir le forbairt aerfoirt, creidim go bhfuil ról ríthábhachtach ag Aerfort na Sionnaine, na Gaillimhe agus Chnoc Mhuire i bhforbairt ár réigiúin agus leanfaidh mé ar aghaidh ag obair le cinntiú go ndéanfar forbairt ar na haerfoirt seo le go mbeidh siad in ann leanacht leo ag cur seirbhísí níos fearr fós ar fáil do mhuintir an Iarthair.

   

Forbairt Chathair na Gaillimhe

Fadó, bhíodh claonadh ar chatharacha fás amach. Níorbh eisceacht í Gaillimh. Mar sin féin, tá deis tarraingteach athghiniúna i gcroíleacún Chathair na Gaillimhe, sé sin ceantar na nDuganna, úit ina raibh comhlachtaí ola go dtí tamall anuas.

Roinnt blianta ó shin, bhunaigh mé grúpa físe i nGaillimh, ina raibh an tUas. John Killeen mar Chathaoirleach air. B'é aidhm an ghrúpa ná breathnú ar na féidearthachtaí a bhain leis an gceantar seo mar lár-ionad cumarsáide, sóisialta, agus cultúrtha le go mbeadh croí Chathair na Gaillimhe in ann fás agus forbairt báal dorais le seirbhísí bus agus traenach.

Sa bhfís seo freisin, bhí forbairt na nDuganna mar ionad fóillíochta mara. Thug an Volvo Ocean Race pictiúr dúinn faoin méid ollmhór is féidir a dhéanamh sa cheantar, go gcuirfeadh sé an oiread leis an gcathair agus go mbeadh sé an-tarraingteach do ghnóanna teacht go croílár na Cathrach.

Táim ag súil le leanúint ag obair leis na comhpháirtithe go léir leis an íomhá seo a chomhlíonadh. In áit a bheith ag breathnú isteach uirthi féin, creidim go láidir gur cheart go mbeadh Cathair na Gaillimhe ag breathnú amach ar an bhfarraige.

   

Cultúr

Tá cultúr faoi leith ag Gaillimh agus ní féidir neamh-iontas a dhéanamh ar seo. Caithfear é seo a neartú agus aghaidh a thabhairt ar an todhchaí. Leanfaidh mé orm ag obair le Macnas atá ag forbairt ionad nua ealaíona agus freisin leis an gCeathrú Laidneach i gCathair na Gaillimhe chomh maith leis an bPictiúrlann Ealaíona.

Is í Gaillimh an cathair is 'Gaelaí' na gcathracha Éireannacha ar fad. Tá Gaeilge le cloisteáil ar shráideanna na Gaillimhe gach lá. Leanfaidh mé orm ag obair le Conradh na Gaeilge, leis An Taibhdhearc agus le Comhairle Cathrach na Gaillimhe le Gaeláras nua a chur ar fáil a bhéas mar fócas do ghach rud Gaelach sa gcathair. Samhlaím é seo mar ionad cultúrtha, ina mbeadh bialann, naíolann, seomraí cruinnuithe, amharclann agus go leor seirbhísí eile ar fáil tré mheán na Gaeilge. Go hidéalach, bheadh gach grúpa Gaeilge ag obair ón ionad nua seo, ag tabhairt mais chriticiúil don teanga sa gcathair agus á neartú mar fhíor Chathair Dhátheangach.

Tá an fís seo i gcomhréir fís na stráitéise 20 bliain don Ghaeilge agus an Ghaeltacht, agus tabharfaidh sé cúnamh don Ghaeilge sa gCathair, áit ina bhfuil an t-uafás déanta don teanga cheana féin.