Home News Speeches Óráid an Aire Coimirce Sóisialaí, Éamon Ó Cuív TD ag oscailt oifigiúil Ionad Chúraim Lae na Ceathrún Rua

Óráid an Aire Coimirce Sóisialaí, Éamon Ó Cuív TD ag oscailt oifigiúil Ionad Chúraim Lae na Ceathrún Rua

News - Speeches

A chairde

Tá an-áthas orm a bheith anseo libh ar an ócáid speisialta seo. Míle bhuíochas díbh as an gcuireadh agus an fáilte a thug sibh dom. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh libh uile don fáilte atá curtha romham agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Príomhfheidhmeanach gníomhach na mBráithre Charthanachta, Anne Geraghty agus Ceannasaí Pleanála na heagraíochta, John Joe Higgins as ucht an cuireadh chun ionad nua “Cois Cuain” a oscailt anseo inniu ar an gCeathrú Rua. Ar ndóigh, bhí mé an-sásta freisin a bheith in ann oscailt oifigiúil a dhéanamh ar dhá theach phobail-lonnaithe ag Doire Locháin Thoir agus ar an Liopa ar an Spidéal. Tá súil agam nach mbeidh éad ar mhuintir na Ceathrú Rua gur sna ceantair sin a thosaigh mé amach ar maidin, -mar a tharlaíonn sé tá na ceantair sin mar chuid de cheantar chláir oibre na Ceathrún Rua.

Cúis áthais a bhí ann na tithe sin a fheiceáil ar an bhfód sna Forbacha agus ar an Spidéal mar le linn mo thréimhse mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, nuair a bhí Ciste na gCuntas Díomhaoin faoi mo chúram, chuir an Rialtas clár oibre le chéile chun maoiniú a chur ar fáil do thograí den chineál sin do dhaoine le míchumais. Is éard a bhí i gceist ná maoiniú a chur ar fáil do thograí mar seo a thabharfadh deis do dhaoine bogadh amach as ionaid móra as baile go gnáth thithe cónaithe ina bpobail féin.

Ar ndóigh, tá a fhios agam san am atá caite nach raibh an rogha nó an deis ag daoine le míchumais as an nGaeltacht áis mar seo a úsáid, mar nach raibh sé ann agus go mbíodh orthu cónaí i bhfad as baile, ach buíochas le Dia, ní gá go mbeadh sé mar sin a thuilleadh anois do gach éinne.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach duine a ghlac páirt sa mheitheal oibre leathan a chinntigh go bhfeicfeadh muid an togra seo ar an bhfód inniu. Bunaíodh Foireann Togra i 2004 chun an pleanáil d’ionad nua úr “saintógtha” a thosú. Is léir gur meitheal oibre ar an sean thraidisiún a bhí san fhoireann seo, le hionadaithe de chuid na teaghlaigh, daoine a mbaineann úsáid as an seirbhís, baill foirne agus baill bainistíochta uile ag glacadh páirt gníomhach ann. Bhí an pobal áitiúil féin gníomhach i mbun tacaíochta trí chabhrú leis na mBráithre Charthanachta chun maoiniú a bhailiú le cur leis an €1mhilliún nó mar sin a cuireadh ar fáil ón Feidhmeanacht na Seirbhíse Sláinte – nó “an HSE” mar a ghlaoigheann muide air anseo i gConamara!

Mar thoradh ar an meitheal oibre leathan seo tá “Cois Cuain” i gcroílár an phobail ar an gCeathrú Rua. Chuir bunaitheoir na gCluichí Oilimpeacha Speisialta, Eunice Kennedy-Shriver an-bhéim ar an dtábhacht a bhain le gach deis a thabhairt do dhaoine le míchumais páirt a ghlacadh in imeachtaí a muintir agus a bpobail féin. Tugann Cois Cuain, atá lonnaithe gar go na saoráidí agus áiseanna uile, seirbhís ard-chaighdeán atá lárnaithe ar an duine, do dhaoine óga i lár a bpobal labhartha Ghaeilge féin, ag tabhairt deis dóibh a saol féin a bheith acu ach an saol sin a bheith i measc a muintir agus a gcairde féin ina phobal féin. Tugann an t-ionad seo i gCois Cuain deis do mhuintir an ionaid saol neamhspléach a bheith acu agus páirt a ghlacadh i saol laethúil an phobail, rud a fhíoraíonn na físe a bhí ag bunaitheoir na gCluichí Oilimpeacha Speisialta. Ar ndóigh rinne fear as an gceantar seo éacht agus gaisce dó féin agus a mhuinitir, agus dá pharóiste agus a tír ag na Cluichí Oilimpeacha Speisialta tamall de bhlianta ó shin.

Tuigim go bhfuil gaol maith ann idir mhuintir Chois Cuain agus an pobal áitiúil agus tá sé sin tábhachtach do na daoine atá ina gcónaí anseo agus cuirim fáilte roimhe sin. Aithníonn polasaí an Rialtais agus na cleachtais oibre is fearr go gcaithfí na seirbhísí a bheith dírithe go príomhach ar riachtanais na ndaoine a bhaineann úsáid as an seirbhís. Tá muid, ar bhunús leanúnach ag breathnú ar an gcaoi a bhfuil na seirbhísí á chur ar fáil faoi láthair le cinntiú go gcuirtear an tseirbhís is fearr agus is féidir linn a chur ar fáil do dhaoine le míchumais.

Maoiniú agus soláthar sheirbhísí
Maidir le cúrsaí mhaoinithe, fiú leis an dúshlán atá ann faoi láthair, tugadh tosaíocht speisialta do na hearnáil mhíchumais agus sláinte mheabhair sa mbuiséad sláinte agus coinníodh an laghdú don dá earnáil ar leith seo d’uasmhéid de 1.8%. D’aithnigh muid go gcuirtear seirbhísí do dhaoine leochaileacha ar fáil as an maoiniú seo. Chomh maith leis sin cuireann Buiséad 2011 €10milliún breise don HSE do mhíchumas. Cuireadh é se ar fáil le freastal ar éilimh éigeandála agus faoisimh, ar uaireanta tacaíochta baile agus chuntóra pearsanta  do dhaoine le míchumais, do spásanna lae do dhaoine a bhéas ag fágáil na scoile i Meán Fómhair 2011. Déanfaidh an HSE bainistiú ar na hachmhainí breise seo le cinntiú go ndéanfaidh freastal éifeachtach ar na héilimh uile a bhéas an riar mhaoinithe leathan do míchumais ag freastal orthu.

Fiú le níos lú airgid ar fáil dúinn, caithfimid an bhéim a chur ar sheirbhís atá díríthe ar an duine seachas ar an gcóras riaracháin.
Aithníonn muid an méid oibre agus an tiomántas a thagann ó sholáthróirí deonacha cosúil leis na Bráithre Charthanachta agus iarraim orthu coinneáil ar aghaidh ag obair leis an HSE chun a chinntiú go mbeadh seirbhísí riachtanacha ar fáil. Cuireann na Bráithre Charthanachta réimse leathan de sheirbhísí ar fáil do thart ar 1,000 duine, idir pháistí agus daoine fásta ar a bhfuil míchumais orthu ar i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe.

Lárnach sna cinnithe atá tógtha agus na pleananna atá á chur i bhfeidhm ag an Rialtas tá bun-phrionsabal ann go bhfuil muid ag iarraidh an dul chun cinn a rinneadh sna mblianta rathúil a chaomhnú agus an pobal agus seirbhísí phoiblí a chosaint ón droch-chás ina mbeadh orainn giorruithe chomh mór le 30% a dhéanamh muna mbeadh an tír in ann airgead a fháil ar iasacht, ón iasacht.

Comghairdeas libh agus go raibh míle maith agaibh go léir.

WAI-AA Validation  XHTML Validation  CSS Validation
Web design by Nuadesign