Fianna Fáil
Labhraíonn Fianna Fáil ar son ghnáthmhuintir na hÉireann. Sinne an t-aon pháirtí a bhain tromlach glan amach i nDáil Éireann arís agus arís eile. Ó bunaíodh an páirtí, is é Fianna Fáil an guth is seasmhaí agus is diongbháilte i ngnóthaí polaitíochta na hÉireann sa mhéid nach raibh ag rialtais eile lena gcoinneáil le chéile ach iad a bheith in aghaidh Fhianna Fáil. Ó thaobh chomh minic agus atá siad tofa níl aon pháirtí eile is faide curtha in oifig ná Fianna Fáil ach amháin Daonlathaithe Sóisialta na Sualainne.
Leanann Fianna Fáil mórphrionsabal an daonlathais - rialú na ndaoine, ag na daoine, ar mhaithe leis na daoine. Tá na focail "An Páirtí Poblachtánach" mar chuid d'ainm an pháirtí. Seasann 'poblachtánach' d'aontacht an oileáin agus do dhílseacht do phrionsabail stairiúla fhealsúnacht phoblachtach na hEorpa- saoirse, cothromas, agus bráithreachas.
Chreid Fianna Fáil riamh go bhféadfaí nithe a bhaint amach. Bhí dearcadh dearfach dóchasach riamh ag an bpáirtí, ní bhuailfí iad. Tá sé mar aidhm ag Fianna Fáil gach uile dhuine a thabhairt le chéile faoi chomhfhéiniúlacht fhir agus mhná na hÉireann i náisiún bríomhar, láidir, gustalach
Is iad aidhmeanna Fhianna Fáil ná
- Aontacht na hÉireann agus a mhuintir a aimsiú faoi shíocháin agus trí comhaontú;
- Saol sonrach náisiúnta a thagann le tradisiún agus idéil ilghneitheacha mhuintir na hÉireanna a fhorbairt mar chuid de chultúr níos leithne na hEorpa agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo na ndaoine;
- Saoirse creidimh, saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna a ráthú do mhuintir uile na hÉireann;
- Acmhainní agus maoin na tire a fhorbairt go barr a maithesasa, ach tús áite a thabhairt do riachtanais agus do leas muintir uile na hÉireann chun an oiread fostaíochta inmharthana agus is féidir a chur ar fáil, bunatihe ar spiorad na fiontrachíochta, na féinmhuiníne agus na comhpháirtíochta sóisialta a chothú;
- Dúlra agus oidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus cothromaíocht a chinntiú idir na bailte agus an tuath agus idir na reigiúin, agis an oiread teaghlach is mó is féidir a choinneáil I mbun talmhaíochta.
- An teaghlach a chothú, freagracht shóisialta níos leithne a chur chun cinn agus tacú le riail an dlí ar mhaithe le leas agus le sábháilteacht an phobail;
- Stádas na hÉireann a chothú mar Stát ceannasach agus mar lán-chomhalta den Aontas Eorpach agus de na Náisiún Aontaithe agus an tsíocháin, an dí-armáil agus cúrsaí forbartha a chur chun cinn trí pholasaí eachtrach neamhspleach traidisiúnta na hÉireann;
- Dlíthe agus Instiúidí an Stáit a athchóiriú chun go mbeidís níos éifeachtaí , níos daonnaí agus níos carthanaí agus gur fearr a fhreagróidís do riachtannais an tsaoránaigh.
Is bealach an-mhaith é do ghréasáin shóisialta a leathnú tríd a bheith páirteach i bpáirtí polaitiúil.
Más mian leat a bheith i do bhall i bpáirtí Fhianna Fáil, déan teagmháil le m' oifig dáilcheantair ag (091) 562846 nó seol ríomhphost chuig This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it .
Is féidir freisin teagmháil díreach a dhéanamh le Ceanncheathrú Fhianna Fáil ag: Ceann Cheathrú Fhianna Fáil,
65-66 Sráid an Mhóta Íoctarach
Baile Átha Cliath 2
Cur glaoch ar (01) 6761551 nó féach an suíomh idirlín www.fiannafail.ie.


Fianna Fáil


