Fianna Fáil
Ón am ar bunaíodh Fianna Fáil, b’í aidhm an pháirtí ná tír ceannasach neamhspleách a bhaint amach ar bhonn 32 contae, tríd cairdeas idir an phobal Aontachtach agus Náisiúnach in Éirinn. Ar ndóigh, tá dul chun cinn mór déanta leis an cairdeas seo a chothú ó aontaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta.
Mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, bhí baint agam, ní amháin le Foras na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann ach freisin leis an Boord o Ulstér-Scotch (An Bord Ultach Albannach). Chonaic mé tríd forbairt na teanga go bhféadfadh an dá traidisiún sa tír seo oibriú le chéile agus an meas ar na traidisiúin éagsúla atá ar an oileán seo a chothú.
Ar ndóigh ó bunaíodh Fianna Fáil, bhí an-bhéim ar eacnamaíocht na hÉireann a láidriú le go bhféadfadh pobal na hÉireann caighdeán maith maireachtála a bheith acu. Le 84 bliain anuas, tá go leor bainte amach ach tá go leor fós le déanamh. Tá bochtanas fós sa tír agus tá daoine fós ag fulaingt. Ar an iomlán, tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán maireachtála muintir na hÉireann ó bunaíodh Fianna Fáil agus is faoi rialtais ina raibh Fianna Fail páirteach iontu is mó a déanadh an dul chun cinn.
Ar ndóigh, bhí sé mar bhun-chloch ag Fianna Fáil i gcónaí an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá obair mhór déanta i dtaobh an Ghaeilge le blianta beaga anuas le Acht an dTeangacha Oifigiúla, bunú Oifig an Choimisinéara Teanga agus an Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.




