Córas Iompair
Creidim go bhfuil cúrsaí iompair an-tábhachtach d' fhorbairt Iarthar na hÉireann. De bhrí go bhfuil muid inár gcónaí ar oileán ar chósta Iarthar na hEorpa, tá cúrsaí taistil an-tábhachtach d' fhorbairt eacnamaíochta agus sóisialta an réigiúin.
Táim an-sásta go n-osclófar an bóthar nua ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh ar an 4ú Eanáir 2010. Leanfaidh mé orm ag obair le cinntiú go mbeidh muid in ann na deacrachtaí a bhaineann le cuarbhóthar na Gaillimhe a réiteach agus go ndéanfar dul chun cinn ar an tionscnamh seo chomh luath agus is féidir. Chomh maith leis sin, leanfaidh mé ag obair le go ndéanfaí uasghrádú ar an N59 ó thús go deireadh chomh maith leis an mbóthar nua le cósta, an R336 ó na Forbacha go Scríb.
Táim le cupla bliain anuas ag labhairt ar son na bealaí iarnróid atá ann cheana féin a úsáid i gcóir soláthar seirbhísí comaitéireachta. Tá baint agam le forbairt Bhealach an Iarthair, agus táim an-sásta go mbeidh an píosa ó Inis go Áth an Rí a bhéas ag freastal ar sheirbhísí traenach ó Luimneach go Gaillimh ag oscailt i mí na Nollag 2009. Sa bplean Iompar 21, tá tiomántas daingean ann d'ath-oscailt an iarnróid ó Áth an Rí go Tuaim roimh 2011 agus tá sé tugtha le fios dom ag cathaoirleach Iarnród Éireann go mbeidh obair shuirbhéireachta ar an bpíosa seo den líne ag tosú tar éis ath-oscailt an líne ó Inis go Áth an Rí.
Maidir le forbairt aerfoirt, creidim go bhfuil ról ríthábhachtach ag Aerfort na Sionnaine, na Gaillimhe agus Chnoc Mhuire i bhforbairt ár réigiúin agus leanfaidh mé ar aghaidh ag obair le cinntiú go ndéanfar forbairt ar na haerfoirt seo le go mbeidh siad in ann leanacht leo ag cur seirbhísí níos fearr fós ar fáil do mhuintir an Iarthair.




