Forbairt Chathair na Gaillimhe
Fadó, bhíodh claonadh ar chatharacha fás amach. Níorbh eisceacht í Gaillimh. Mar sin féin, tá deis tarraingteach athghiniúna i gcroíleacún Chathair na Gaillimhe, sé sin ceantar na nDuganna, úit ina raibh comhlachtaí ola go dtí tamall anuas.
Roinnt blianta ó shin, bhunaigh mé grúpa físe i nGaillimh, ina raibh an tUas. John Killeen mar Chathaoirleach air. B'é aidhm an ghrúpa ná breathnú ar na féidearthachtaí a bhain leis an gceantar seo mar lár-ionad cumarsáide, sóisialta, agus cultúrtha le go mbeadh croí Chathair na Gaillimhe in ann fás agus forbairt báal dorais le seirbhísí bus agus traenach.
Sa bhfís seo freisin, bhí forbairt na nDuganna mar ionad fóillíochta mara. Thug an Volvo Ocean Race pictiúr dúinn faoin méid ollmhór is féidir a dhéanamh sa cheantar, go gcuirfeadh sé an oiread leis an gcathair agus go mbeadh sé an-tarraingteach do ghnóanna teacht go croílár na Cathrach.
Táim ag súil le leanúint ag obair leis na comhpháirtithe go léir leis an íomhá seo a chomhlíonadh. In áit a bheith ag breathnú isteach uirthi féin, creidim go láidir gur cheart go mbeadh Cathair na Gaillimhe ag breathnú amach ar an bhfarraige.




