Baile Nuacht Óráidí an Aire Oráid an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD; Coiste Oireachtais do Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, 18 Samhain 2009

Oráid an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD; Coiste Oireachtais do Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, 18 Samhain 2009

Nuacht - Óráidí an Aire

Réamhrá
Is cúis áthais dom an deis seo a bheith agam labhairt libh inniu. Tuigim go bhfuil spéis ar leith ag an gCoiste i bhfeidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus éisteoidh mé go cúramach le bhur dtuairimí.

Acht  - Cúlra
Ba mhaith liom anois cupla focal a rá mar gheall ar chúlra an Achta mar is fiú a thabhairt chun cuimhne cén fáth a raibh gá leis an Acht a thabhairt isteach agus cad iad na spriocanna atá aige.

Forálann alt 8 de Bhunreacht na hÉireann “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”.  Go bunúsach, chinn an Chúirt Uachtarach in Ó Beoláin go raibh de cheart ag an saoránach gach gnó a dhéanamh le comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge.  Chinn an Chúirt chomh maith go bhfuil dualgas ar an Stát an teanga a chur chun cinn.  

Is fiú ár n-aird a dhíriú ar an méid a ndúirt an Breitheamh Hardiman sa bhreithiúnas seo:

“Leagann an Stát nua-aimseartha iliomad dualgas trom ar shaoránaigh i dtaca le gnéithe éagsúla den saol ó ghéilliúlacht i gcúrsaí cánach go dlí pleanála. Dualgais thuirsiúla a ghlacann am agus atá costasach a chomhlíonadh cuid mhór de na dualgais seo ach is cuí é a bheith riachtanach iad a chomhlíonadh. Mar an gcéanna caithfidh an Stáit féin a dhualgais a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá cumhdaithe sa Bhunreacht agus ná cloistear an Stát ag gearán ach chomh beag leis an saoránach aonair gur dualgais thuirsiúla, throma iad sin. Go háirithe, ná cloistear an Stát ag gearán gur de bharr nár chomhlíon sé a dhualgais le scór bliain anuas is breis, atá deacracht níos mó aige na dualgais sin a chomhlíonadh anois”.

Déanadh an tAcht a dhréachtú mar léiriú ar staid bhunreachtúil na Gaeilge agus go háirithe an fheidhmiú agus an léirmhíniú ar an stádais sin a rinne an Chúirt Uachtarach i 2001 i gcás Ó Beoláin.  Mar atá ráite agam go minic, is é an tAcht an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil don phobal i nGaeilge. 

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - an méid atá bainte amach
Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an tAcht ina dhlí le breis agus 6 bliana anois agus measaim gur fiú dúinn an méid atá bainte amach ó  tháinig an tAcht ar an bhfód a thabhairt chun cuimhne:

• Tá gach alt den Acht i bhfeidhm ó mí Iúil 2006 agus tá Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla bunaithe ó Feabhra 2004. 
• Tá 97 céadscéim teanga a chlúdaíonn 176 comhlacht poiblí daingnithe agam agus foilsithe go dáta.  Tá 23 dréacht céad scéim á n-ullmhú nó á scrúdú ag an Roinn.  Sa bhreis ar sin tá cúig dara scéim aontaithe agus tagtha i bhfeidhm agus 47 dréacht céad scéim á n-ullmhú nó á scrúdú.  I measc na comhlachtaí atá cludaithe, tá rannaí rialtais, údaráis áitiúla, ollscoileanna agus coláistí tríú leibhéil agus coistí gairmoideachais.
• Ar an 1 Deireadh Fómhair 2008, tar éis plé ar leith leis an gCoiste seo, rinne mé Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008.  Tháinig na Rialacháin seo i bhfeidhm ar 1 Márta 2009. Táim cinnte go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na Rialacháin seo a chinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí sa saol poiblí feasta.  Baineann na rialacháin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógraí béil réamh-thaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí.
• Tá 11 Órdú Logainmneacha déanta agam go dáta, ina measc An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004.
• Ar iarratas uaimse, tá córas creidiúnaithe d’aistritheoirí Gaeilge forbartha ag Foras na Gaeilge.  Tá an caighdeán cuí bainte amach ag 147 aistritheoir go dáta. 

Níl aon amhras mar sin ach go bhfuil go leor bainte amach ó 2003 i leith.  An méid sin ráite, tá neart dúshláin romhainn i gcónaí.  

Na  Scéimeanna Teanga
Is iad na scéimeanna teanga croí-lár an Achta.  Formhór na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil, is faoi na scéimeanna a thagann siad.  Tugann na scéimeanna deis do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a aithint agus a eagrú ó thaobh feabhas a chur ar a gcuid seirbhísí Gaeilge. Foráltar san Acht go bhfanfaidh gach scéim teanga i bhfeidhm ar feadh thréimhse trí bliana ón dáta a thagann sí i bhfeidhm nó go ndaingníonn an t-Aire scéim nua, cibé acu seo is déanaí.  Mar sin, leanann gach scéim teanga i bhfeidhm go n-aontaítear scéim nua.   
 
Polasaí i leith dara scéimeanna

Ceann de bhun-phrionsabail an Achta ná go gcuirfeadh comhlachtaí feabhas ar raon agus ar chaighdeán a gcuid seirbhísí Gaeilge thar sraith scéimeanna le go ndéantar hathnuachan orthu.  Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin go mbeadh leanúnachas ann idir an chéad agus an dara scéim maidir leis na gealltanais a tugadh sa chéad scéim.  Caithfear a dhearbhú sa scéim nua go leanfar leis na gealltanais a tugadh sa chéad scéim.  
 
Ar ndóigh, tá a fhios againn uile faoi na deacrachtaí atá ann faoi láthair ó thaobh chúrsaí eacnamaíochta de.  Glacann mo Roinn leis go gcruthaíonn na cúinsí eacnamaíochta atá ann faoi láthair go leor dúshláin do chomhlachtaí poiblí, go háirithe nuair a thógtar san áireamh an srian atá ar chomhlachtaí maidir le earcú foirne.  Go deimhin, is dúshláin iad seo go gcaithfidh mo Roinn féin agus comhlachtaí a thagann faoi scáth na Roinne dul i ngleic leo.   Is féidir glacadh leis go bhfuil oifigigh mo Roinne á thógáil seo san áireamh agus dréacht scéimeanna á bplé acu le comhlachtaí poiblí, idir comhlachtaí nach raibh scéim aontaithe leo cheana agus comhlachtaí atá ag déanamh athnuachan ar scéimeanna a aontaíodh i 2005 nó 2006. 

Foilsiú cáipéisí
Ba mhaith liom anois díriú uair amháin eile ar na costais a bhaineann leis an Acht, agus go mórmhór an chostas a bhaineann le aistriú cáipéisí.  Mar atá ráite cheana go minic, níl dualgas ach líon an-bheag tuairiscí a fhoilsiú i nGaeilge.  Táim ag moladh le fada go ndéanfaí doiciméid ar nós tuarascálacha bliantúla agus ráitis straitéiseacha a fhoilsiú ar CD nó go leictreonach ar-líne seachas mar dhoiciméad crua.  Má dhéantar é seo, sábhálann an comhlacht ar chostais a bhaineann le priontáil agus seachadadh agus is féidir le héinne go bhfuil suim ar leith aige san ábhar é a phriontáil amach ar a t(h)oil féin.  Tuigtear dom gurb é seo an polasaí atá á chur i bhfeidhm ag roinnt comhlachtaí cheana féin.  Go deimhin, moltar an cur chuige seo i dTreoirleabhar faoin Acht a d’eisigh Oifig an Choimisinéir Teanga chuig comhlachtaí poiblí i 2008.   Ghlac an Rialtas leis an bpolasaí seo anuraidh chun costais a laghdú. 

Comharthaí bóthair Gaeltachta & an tOrdú Logainmneacha (Gaeltachta) 2005
Mar is eol  do dhaoine bhí  sé mar sprioc ag feachtas na 1960dí go mbeadh comharthaí bóthair Gaeltachta i nGaeilge amháin. Chuir siad in aghaidh chomharthaí bóthair dátheangacha mar gur bhrath muintir na Gaeltachta gurb é an t-ainm Gaeilge an t-ainm ceart. Chuir siad in aghaidh leaganacha Béarla de logainmneacha a bheith “á bhrú anuas orthu” ag “lucht maorlathais.”

Ní mórán céile a bhain le comharthaí bóthair ag taispeáint rud amháin in áit amháin agus rud eile in áit eile, mar a tharla de bharr an fheachtais. Má tá siad intuigthe don chuairteoir in áit amháin sa Ghaeltacht cheapfá go mbeadh siad intuigthe don chuairteoir céanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Nuair a bhí muid ag dréachtú  an tAcht ag an am smaoinigh mé ar chomharthaí bóthair dátheangacha a chur in áit le dá leagan na logainmneacha ann taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Ach, thuig mé go mbeadh raic mór sa Ghaeltacht na ndéanfaí sin mar a bhí san am atá caite.

Tá tuairimí an-oscailte agam ar an gceist seo. Ba mhaith liom tuairimí na mball faoi cén chaoi gur féidir freastal ar éileamh an phobail Ghaeltachta go mbeadh comharthaí i nGaeilge ann agus éileamh roinnt pobail anseo agus ansiúd go mbeadh comharthaí dátheangacha ann. Beidh mé ag éisteacht lena bhfuil á rá agaibh faoin ábhar.

A Chathaoirligh, beidh me ag tnúth le tuairimí na gComhaltaí a chloisteáil agus le haon cheisteanna uathu a fhreagairt feadh mo chumais. Go raibh maith agat.