Baile Nuacht Óráidí an Aire Óráid an Aire ag seoladh tuarascála de chuid Gaillimh le Gaeilge, "Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe"

Óráid an Aire ag seoladh tuarascála de chuid Gaillimh le Gaeilge, "Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe"

Nuacht - Óráidí an Aire

Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh
Dé hAoine 27/11/09


Cuireann sé an-áthas orm a bheith in bhur measc anseo inniu chun an tuarascáil, “Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe,” a sheoladh go hoifigiúil agus tá mé fíorbhuíoch do Ghaillimh le Gaeilge agus go mór mhór le Bríd Ní Chonghóile as ucht bhur gcaoin chuireadh a bheith anseo libh tráthnóna.

Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge mar thoradh ar thuarascáil a foilsíodh i 1988, agus ó shin i leith chuir sé béim ar an bpobal gnó chun a chinntiú go bhfanfadh an buntáiste geilleagrach a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa réigiún.  Ó bunaíodh é, tá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge laistigh de phobal gnó na Gaillimhe infheictheacht na Gaeilge a ardú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn, sa Chathair.  D’éirigh le scéimeanna ar nós ‘Chairde

Ghaillimh le Gaeilge’ agus ‘Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh’ dul i bhfeidhm ar phobal níos mó ar bhealach cairdiúil oscailte, agus an Ghaeilge a thabhairt chun suntais i saol cathrach na Gaillimhe.

Tá trí aidhm straitéiseacha ag an eagraíocht:
-  Caidrimh le príomhpháirtithe leasmhara na Cathrach a chothú chun stádas oifigiúil dátheangach a bhaint amach don Chathair;
-  Leanúint le tacú agus spreagadh an phobail ghnó chun a chinntiú go bhfeictear, go gcloistear agus go labhraítear an teanga – a chinnteoidh ‘normalú’ na Gaeilge sa Chathair de réir a chéile;
-  Tacaíocht don Ghaeilge a chothú i measc phobal Chathair na Gaillimhe a thabharfaidh úinéireacht na teanga don phobal féin.

Torthaí an Staidéar

Is iad seo príomhthorthaí staidéir a rinneadh ar bhuntáistí geilleagracha ná gur fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar Chathair agus Chontae na Gaillimhe, tacaíonn sí le breis agus 5,000 post agus creideann níos mó ná 90% de ghnólachtaí Chathair na Gaillimhe gur gné uathúil í d’íomhá agus d’fhéiniúlacht chultúrtha na Gaillimhe.  Bhí meas againn ar thábhacht na Gaeilge ó thaobh an chultúir agus na cáilíochtúla de riamh, ach léiríonn an tuarascáil seo luach geilleagrach na Gaeilge dúinn.  Cuireann an Ghaeilge an turasóireacht chun cinn i gContae agus i gCathair na Gaillimhe, agus cruthaíonn sé ioncam turasóireachta ar fiú €40 milliún é gach bliain.  Laistigh d’earnáil na turasóireachta, tá na Coláistí Gaeilge Samhraidh thar a bheith tábhachtach i nGaeltacht na Gaillimhe, agus cuireann táillí na gcoláistí, airgead póca agus íocaíochtaí do na mná tí a thógann scoláirí Gaeilge ina dteach féin gach samhradh thart ar €14 mhilliún leis an gceantar.   

Tá dlúthbhaint ag Gaillimh agus an earnáil chlosamhairc Ghaeilge le chéile le blianta beaga anuas, earnáil atá ar cheann de na foinsí gníomhaíochta geilleagraí is tábhachtaí i nGaeltacht na Gaillimhe faoi láthair.  Léiríonn an tuarascáil seo go gcuireann an earnáil seo €24.3 milliún i mbreisluach leis an GNP gach bliain, agus de bharr nádúr na ngnólachtaí closamhairc, fanann formhór an airgid seo sa gheilleagar náisiúnta mar gheall ar thuarastail, ar phá agus ar cheannach áitiúil.

'Sé Henry Ford, fear na ngluaisteán a dúirt fadó, “ná faigh locht, fá réiteach”  In atmaisféar eacnamaíoch agus airgid an lae inniu in Éirinn tá fonn ar an-chuid daoine locht a fháil agus an ceart sin acu freisin gan aimhreas. B’fhearr liom féin i gcónaí, aghaidh a thabhairt ar an réiteach agus creidim gur cuid den réiteach nó ábhar réitigh a thugann anseo inniu mé chun Tuarascáil 2009 Ghaillimh le Gaeilge i bpáirtnéireacht le Bane & Mullarkey agus an eacnamaí Jerome Casey a sheoladh.  Ins an saothar cuimsitheach seo tá léargas fairsing agus leathan ar an tairbhe atá an Ghaeilge a déanamh ar bhonn bhliantúil do chathair agus Gaeltacht na Gaillimhe.  I 1987 nuair a tugadh faoi obair agus anailísiú den saghas seo cheana cuireadh luach ins na deaga de mhilliúin punt ar thairbhe na Gaeilge don limistéir.  Inniu i staidéar, ionann le staidéar 1987, agus muid 22 bliana ar aghaidh ó am sin, tá luach €136,000,000, curtha ar thairbhe na Gaeilge don dúiche.  Samhlaigh céard a tharlódh dá mbainfí suim den mhéid sin as an eacnamaíocht áitiúil?  Tá aitheanta le fada go bhfuil luach saothair le fáil as cultúr difriúil mar bíonn éileamh air, agus tá éileamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, ní amháin ar bhonn náisiúnta ach ar bhonn idirnáisiúnta leis. Gura fada buan mar sin é.  Feictear ins an tuarascáil na hearnálacha éagsúla atá ag saothrú do agus as an nGaeilge - go háirithe earnáil na turasóireachta.  Feidhmíonn an Ghaeilge mar adhmaint (magnet) don taobh seo tíre agus léiríonn na staitisticí uile an tarraingt bhliantúil a bhíonn ar an gceantar seo de bharr na Gaeilge.  Táim sásta go dtuigeann an dá údarás áitiúil An Chomhairle Contae agus Comhairle na Cathrach é seo go maith anois mar tá an-thacaíocht ag teacht ó na foinsí mar aitheantas ar an saghas oibre atá Gaillimh le Gaeilge ag déanamh ó bunaíodh an eagraíocht breis agus scór bliain ó shin.

Ar ócáidí den saghas seo, níos minice ná a mhalairt, glactar buíochas leis na páirtithe sin a chur an dua agus an obair isteach san taighde, san mbailiú faisnéise san anailís agus cur le chéile na tuarascála féin - agus tiocfaidh mé chugaibh ar ball!  Ach ar an ócáid áirithe seo glacadh mé buíochas ar dtús leis an bpobal i gcoitinne, na gnáthdhaoine a chuireann seirbhísí turasóireachta, scolaíochta,  seirbhísí deonacha, craoltóireachta, na meáin scríofa, agus go deimhin gnó agus seirbhísí eile ar fáil go séimh gach lá trí mheán na Gaeilge. Is iad na daoine anaithnid seo, an laochra do-fheicthe, atá ag cur le ní amháin saibhreas airgid na cathrach agus an chontae ach le saibhreas cultúrtha an Iarthair freisin. Murach na gnáthdhaoine seo ní bheimis anseo inniu. Dá réir ná ligimis na lucht úsáidte na Gaeilge ar bhonn laethúil i ndearmad.......É sin ráite, bhí sclábhaíocht mór ag baint le saothar oibre den saghas seo a chur in ár láthair.  Glacaim mo bhuíochas le Bríd, agus bord agus foireann Ghaillimh le Gaeilge as tabhairt faoin ndúshlán a bhain leis an obair seo. Glacaim buíochas le Sinéad agus foireann Bane & Mullarkey agus an eacnamaí Jerome Casey a chur na snáithíní faisnéise uile in ord agus eagar le go mbeadh léargas ceart againn ar thairbhe leanúnach agus tábhachtach na Gaeilge inniu agus sna blianta atá amach romhainn.  Tréaslaím a gcuid oibre leo.
 
Tá bliain nua agus fiú deichniúr nua romhainn amach i gceann míosa nó mar sin.  Ins na blianta beaga seo tá súil agam go mbeidh plean an rialtais, plean 2028 ní amháin ag lámhacán ach ag rith mar le forbairt ar Ghaeilge mar ghnáth nósmhaireacht sna bólaí seo agus trasna na tíre i gcoitinne.   Beidh sé i gceist i straitéis an rialtais cur leis an bpleanáil teanga don Ghaeilge mar aidhm don stáit agus don bpobal i gcoitinne.  Chuala mé le gairid sainmhíniú inmhianaithe ar céard is pleanáil teanga - sé sin gach is gá a dhéanamh chun nósmhaireacht laethúil teanga (ar ard-chaighdeán, i ngach scil,) a aistriú ó ghlúin amháin go dtí glúin eile trí úinéireacht an teaghlaigh agus an phobail tré chéile.  Má thagann muid leis an sainmhíniú sin is léir go bhfuil ról ag gach duine amháin againn in aimsiú na sprice maithe sin.  Cé go bhfuil an ócáid seo dírithe go príomha ar airgead agus ar airgeadra na Gaeilge mar sócmhainn pobail tá i bhfad níos mó ná sin i gceist léi.  I measc nithe eile, is eochair oidhreachta agus stór luachanna í. Is branda í agus feidhmíonn sí dúinn mar chód rúnda - go háirithe nuair a bhíonn muid thar sáile!  Is teanga le lán aitheantas oifigiúil san Eorap anois í agus feidhmíonn sí mar fhoinse cruthaitheachta agus mar fheithicil aistriúcháin. Thug, tugann, agus tabharfaidh sí deiseanna dúinn ar bhealaí go bhfuil luachanna i bhfad níos airde ná luachanna airgid amháin. Is fiú í a chosaint agus téann an tuarascáil atáim ar tí a sheoladh anois cuid mhaith den bhealach ag léiriú do mhuintir na Gaillimhe agus na Gaeltachta an t-anam chara atá acu sa Ghaeilge féin.  Thosaigh mé mo chaint le Henry Ford agus críochnóidh mé leis freisin dúirt sé - (If everyone is moving forward together, then success takes care of itself)  Má tá gach duine ag gluaiseacht chun cinn le chéile, tugann an t-áitheas aire dhó fhéin.  Sin mo ghuí ar thorthaí as eascróidh as ábhar na tuarascála seo. 

Tá go leor athruithe tarlaithe sa gheilleagar domhanda ó rinne Gaillimh le Gaeilge coimisiúnú ar an tuarascáil seo, agus d’ainneoin na dúshláin atá romhainn faoi láthair, tá an Stát tiomanta do thacú le pobail Ghaeltachta agus leis an nGaeilge, agus tacaíocht againn de bharr an aitheantais bhunreachtúil gurb í an Ghaeilge chéad teanga an Stáit.  Taispeánann an tuarascáil seo gur suntasach é luach na Gaeilge do Chathair na Gaillimhe agus do Ghaeltacht na Gaillimhe.  Aontaím lena moltaí gur cheart do na príomhpháirtithe, Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe, earnáil an oideachais, na gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí spóirt, eagraíochtaí reiligiúnacha, pobal na n-ealaíon, tionscal na turasóireachta, bratghrúpaí éagsúla agus eagraíochtaí Gaeilge agus cultúrtha ina measc, oibriú le chéile chun na buntáistí féideartha a bhaineann leis an teanga a bhaint amach. 

Ba mhaith liom buíochas arís a ghlacadh le Gaillimh le Gaeilge as ucht cuireadh a thabhairt dom a bheith libh anseo inniu. Níl le déanamh anois ach an tuarascáil “Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe” a sheoladh go hoifigiúil.