Óráid an Aire Ó Cuív ag Tóstal na Gaeilge – “Ó Aidhm go Feidhm”
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 01 Márta 2010
A chairde
Is cúis áthais dom í a bheith i bhur láthair anocht chun tús a chur le himeachtaí Tóstal na Gaeilge 2010. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge as ucht an deis a thabhairt dom labhairt libh ag an am cinniúnach seo ó thaobh na Gaeilge de. Tá an teideal atá roghnaithe don Tóstal i mbliana “Ó Aidhm go Feidhm” fíor spéisiúil agus glacaim leis go bhfuil baint nach beag aige leis an dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Cén sórt Éireann atá uainn?
Creidim mar sin gur fiú dúinn an Tóstal seo a thosú leis an gceist: “cén sórt tír atá uainn?” Céard í an aidhm mhór atá againn mar phobal agus mar thír?
An dteastaíonn uainn oidhreacht agus féiniúlacht ársa na Gaeilge a fhorbairt agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile? An gcreideann muid go bhfuil áit ar leith ag saol na Gaeilge i saol na tíre agus i ngeilleagar agus cúrsaí fiontraíochta na tíre?
An dteastaíonn an sórt tír uainn ina bhfuil saol na Gaeilge mar bhuntáiste dúinn agus muid ag mealladh turasóirí anseo? An dteastaíonn an sórt tír uainn ina bhfuil forbairt cheannródaíoch ar bun i saol na Gaeilge trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht nua, forbairt a thugann deiseanna dúinn chun táirgí agus seirbhísí nua-aimseartha luachmhara a easpórtáil thar sáile?
Tacaíocht an Rialtais don Ghaeilge
Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do phobal, do shochaí, do chultúr agus do gheilleagar na hÉireann. Dá réir sin, foilsíodh Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge ag deireadh 2006 inar gealladh go gcuirfí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i dtoll a chéile, bunaithe ar thrí chuspóir déag ar leith a chlúdaíonn nithe ar nós an Acht Teanga, cúrsaí oideachais, tacaíocht speisialta do thuismitheoirí agus don Ghaeltacht agus mar sin de. Tríd an Ráiteas seo dearbhaíonn an Rialtas a tacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Fís mhór
Is éard a fheiceann muid sa dréacht Straitéis ná plean gníomhartha nó “léarscáil bóthair” don Ghaeilge don fiche bliain atá amach romhainn. Beifear ag díriú ar an bpleanáil fad-téarmach don Ghaeilge a dteastaíonn ag an leibhéal náisiúnta le cinntiú go mbainfear amach an ollsprioc, sin é, go mbeidh Gaeilge á labhairt go laethúil ag 250,000 duine faoi cheann fiche bliain.
Chun an deis is fearr a bheith ann an ollsprioc seo a bhaint amach ní mór díriú ar an bpríomh aidhm atá ag an Straitéis, sé sin, go seachadófar an Ghaeilge ó ghlúin go glúin agus go mbeadh se seo á dhéanamh go nádúrtha sa teaghlach. Tá súil tríd na hidirghabhálacha a bheidh sa Straitéis go dtabharfar spreagadh agus tacaíocht do thuismitheoirí a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge ní amháin sa Ghaeltacht ach go mbeadh an cinneadh seo á ghlacadh níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht.
Ní tharlóidh gach rud thar oíche ach caithfimid a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn chéimiúil lá i ndiaidh lae. Tógfaidh sé obair dhian dhiongbháilte thar thréimhse ama fada chun an fhís a fhíorú.
Dul chun cinn déanta le leath-scór de bhlianta – scór bliain suntasach amach romhainn
I ndiaidh an Bhunreachta féin - a bhronnann tús áite ar an nGaeilge mar theanga náisiúnta agus mar an chéad teanga oifigiúil - is dóigh gurb é achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003 an gníomh reachtaíochta is tábhachtaí a tharla don Ghaeilge.
Deirim an méid sin mar is léir go raibh bearna mhór le feiceáil idir an stádas bunreachtúil agus an stádas ar an talamh - sna cúinsí sin, theastaigh reachtaíocht chun éifeacht agus fiacail a thabhairt don stádas bunreachtúil. Sa chomhthéacs sin leagann Acht na dTeangacha Oifigiúla amach na dualgais atá ar an Stát agus na cearta atá ag saoránaigh ó thaobh seirbhísí trí Ghaeilge de.
Dar ndóigh ní fhéadfaí an stádas a athrú thar oíche agus mar sin is í an fhís a bhí agus atá ann ná go dtabharfaí faoin obair dhúshlánach seo ar bhonn céimiúil. Is iad na scéimeanna reachtúla teanga - a aontaítear idir an t-eagras poiblí é féin agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta - an mheicníocht ina bhfuiltear ag iarraidh acmhainní na n-eagras poiblí a chur i gcomhréir leis na héilimh reatha. Tá sé mar aidhm freisin an fíor-éileamh a aithint agus a fhás trí eolas a chur ar fáil don phobal maidir leis na seirbhísí feabhsaithe atá agus a bheidh ar fáil trí Ghaeilge.
Is léir go bhfuil go leor rudaí tábhachtacha bainte amach i dtaobh na Gaeilge le blianta beaga anuas - luaim, mar shampla, bunú Oifig an Choimisinéir Teanga, an t-aitheantas tugtha don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpaigh le feidhm ó 1 Eanáir 2007, dul chun cinn ghluaiseacht na nGaelscoileanna ar fud na tíre mar aon le bunú agus bláthú TG4. Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag tógáil ar an mbunchloch seo ar fad le cur chuige cuimsitheach.
Cur i bhfeidhm na Straitéise - “Ó Aidhm go Feidhm”
Ní thagann líofacht iomlán teanga ar pháiste thar oíche, tógann sé obair fhoighneach leanúnach agus ar an gcaoi chéanna beidh orainn dul i mbun gníomh go staidéarach lá i ndiaidh lae chun obair na Straitéise 20 Bliain a chur i gcrích. Ní tharlóidh sé go mbeidh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge againn thar oíche. Tógfaidh sé am chun líon na gcainteoirí laethúil a mhéadú.
Ag an am céanna tá mé airdeallach go bhféadfadh Gaeltachtaí láidre sleamhnú uainn go han-scioptha muna dtugann muid faoi chreimeadh na Gaeilge sa Ghaeltacht a stopadh ar bhealach cuimsitheach. Tá roinnt imní léirithe ag roinnt tráchtairí gur polasaí gníomhach don dátheangachas atá beartaithe againn don Ghaeltacht. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le rá nach é sin atá i gceist ar chor ar bith. Tá mé ag ceapadh gurb é an rud céanna a theastaíonn uainn uile go dtógfaí páistí na Gaeltachta leis an nGaeilge mar an chéad theanga dúchasach labhartha acu ach nach bhfásfadh siad aníos gan Béarla a fhoghlaim.
Is plean Stáit a bhéas ann agus beidh lán tacaíocht an Stáit taobh thiar de, beidh spriocanna agus aidhmeanna ann a chuirfidh dúshlán faoin Rialtas agus faoin bpobal chun an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Tá an Straitéis bunaithe ar spiorad na ndaoine agus an bród atá ag an bpobal ina dteanga.
Le comhoibriú idir an Stáit agus an phobail tá súil agam go mbeidh borradh ar staid na teanga nuair a thagann deiridh le tréimhse na Straitéise i gceann 20 bliain. Tá súil agam mar sin gur 20 bliain fáis a bhéas i dtréimhse na Straitéise a thabharfaidh muid ar an aistear fada “ó aidhm go feidhm.”
Go raibh míle maith agaibh.
CRÍOCH




