Déanann Ó Cuív oscailt oifigiúil ar ionad láraithe agus treisithe HID Global Ireland Teoranta i gConamara.Tionscal ardteicneolaíochta ag infheistiú, ag leathnú amach agus ag cruthú postanna san Iarthar.
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 30 Aibreán 2010
Déanann Ó Cuív oscailt oifigiúil ar ionad láraithe agus treisithe HID Global Ireland Teoranta i gConamara.Tionscal ardteicneolaíochta ag infheistiú, ag leathnú amach agus ag cruthú postanna san Iarthar.
Déanann Ó Cuív oscailt oifigiúil ar ionad láraithe agus treisithe HID Global Ireland Teoranta i gConamara-Tionscal ardteicneolaíochta ag infheistiú, ag leathnú amach agus ag cruthú postanna san Iarthar.
Rinne an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Éamon Ó Cuív T.D. oscailt oifigiúil ar an ionad déantúsaíochta nua de chuid HID Global Ireland Teoranta i bPáirc Ghnó Údarás na Gaeltachta ar An Tulach, Co na Gaillimhe inniu (Aoine, 30ú Aibreáin 2010).
Anuraidh, d’fhógair HID Global, ceann de na solathróirí is mó ar domhan de tháirgí aitheantais slán go raibh an comhlacht chun a chuid déantúsaíochta eRialtas de sleasanna slándála do phasanna a lárú ar a ionad i gConamara. Tá an réimse taighde, forbartha agus déantúsaíochta táirgí eRialtas go léir lonnaithe ag an láthair seo anois.
Tá €5mhilliún infheistithe ag an gcomhlacht chun a chumas oibre a threisiú agus tá 42 post nua fógartha, rud a thugann líon na bpostanna lán-aimseartha buan agus lán-aimseartha sealadacha (déanann an comhlacht earcaíocht breise i gcomhair chonarthaí ar leith) go 233. Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an obair seo chomh maith.
Dúirt an tAire Ó Cuív “go bhfuil inchur suntasach i ngeilleagar Chonamara á dhéanamh ag HID Global Teoranta agus go léiríonn an fhorbairt seo gur féidir leis an gceantar tionscal ardteicneolaíochta a chothabháil agus a choinneáil, fiú le linn an dúshláin eacnamúil atá ann faoi láthair. Is sampla inláimhsithe iad na táirgí ardteicneolaíolaíochta atá forbartha ag HID Global Teoranta den mhéid atá i gceist nuair a labhraíonn muid faoin Gheilleagar Cliste.”
“Mar Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, tá mé tiomanta do chabhrú le daoine bogadh ó leas sóisialta isteach san obair chomh scioptha agus is féidir agus tá sí mar cheann de na tosaíochtaí atá agam ná díriú ar thacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá as obair le bogadh isteach go traenáil, oideachas agus ar deireadh isteach go fostaíocht. Is cúis mhisnigh mar sin é an léiriú muiníne seo de chuid chomhlacht mór ilnáisiúnta in Éirinn, agus i gceantar Chonamara agus chumais lucht saothair an cheantair ach go háirithe. Cruthaíonn sé seo arís go bhféadfaí postanna ardteicneolaíochta a lonnú i gceantar tuaithe.”
Ghlac an tAire Ó Cuív buíochas d’Údarás na Gaeltachta dá gcuid tacaíochta do HID Global chun a chuid gnó a fhorbairt i nGaillimh agus ghuí sé gach rath ar lucht saothair HID Global amach anseo.
CRÍOCH




