Baile Nuacht Preaseisiúintí Fáiltíonn Ó Cuív roimh infheistíocht €433,000 in Ealaín na Gaeltachta

Fáiltíonn Ó Cuív roimh infheistíocht €433,000 in Ealaín na Gaeltachta

Nuacht - Preaseisiúintí

Tá fáilte curtha ag an Aire Coimirce Sóisialaí Éamon Ó Cuív TD inniu (Déardaoin 20 Bealtaine 2010) roimh fhógra a chomhghleacaí, an tAire Pat Carey TD d’infheistíocht €433,000 trí Údaras na Gaeltachta in Ealaín (na Gaeltachta) Teo.

Cuideoidh an infheistíocht le tuilleadh forbartha ar chomhthionscnamh ealaíon sa Ghaeltacht le linn 2010 trí chomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon. Agus é ag cur fáilte roimh an scéal seo dúirt an tAire Ó Cuív: “Tá mé iontach sásta go bhfuil maoiniú Rialtais de €433,000 deimhnithe d’Ealaín na Gaeltachta atá ag déanamh sár-obair le healaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon sa Ghaeltacht le tamall fada, ag cur deiseanna ar fáil go háitiúil do dhaoine chun taitneamh a bhaint as na healaíona. Is ag leibhéal an phobail áitiúil go hiondúil a fhaigheann daoine an chéad bhlas ar na healaíon agus cuideoidh an maoiniú seo leis an obair seo a choinneáil ag imeacht sa Ghaeltacht.”

“Guím gach rath ar Údaras na Gaeltachta, Ealaín (na Gaeltachta) Teo agus An Chomhairle Ealaíon amach anseo lena gcur chuige chomhpháirteach agus obair forbartha sna healaíona.”

CRÍOCH