Baile Nuacht Preaseisiúintí Ard-mholadh do shaothar Mháirtín Ó Direáin - Ó Cuív

Ard-mholadh do shaothar Mháirtín Ó Direáin - Ó Cuív

Nuacht - Preaseisiúintí

Ag seoladh an stampa comórtha in onóir Mháirtín Ó Direáin inniu dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Éamon Ó Cuív TD:
 

“B’fhéidir go bhfuil rud éigin fileata ann féin sa chaoi go bhfuil roinnt sruthanna éagsúla de shaol amhra Uí Dhireáin tagtha le chéile anseo inniu ina cheantar dúchais féin. File ceannródaíoch a bhí ann le meas ar dúlra agus ar phobal a cheantair féin ariamh ach chaith Máirtín Ó Direáin seal dá shaol freisin ag obair san Oifig an Phoist i nGaillimh, rud a chuireann leis an gcomóradh ar a shaol agus a shaothar de chuid An Post leis an stampa comórtha seo inniu.“

“Ar bhealach tá cuid de dánta Mháirtín Ó Direáin mar thaifead cruinn ar an dúlra agus ar shaol na ndaoine in Árann tráth.

“D’fhoghlaim go leor de pháistí scoile na tíre dán Mháirtín Ó Direáin, an tEarrach Thiar. Tríd an samhlaíocht iontach a bhí ag Máirtín agus le focla an-nádúrtha atá binn agus cruinn tugann sé ar thuras muid ar feadh seal beag sa dán sin go saol difriúil agus siar sna mblianta go ham eile ar fad, nuair a bhí ceangal níos láidre ag daoine leis an nádúr.

“Ar feadh cúpla nóiméad inár samhlaíocht féin cruthaíonn sé pictiúr de lá séimh grianmhar in áit álainn agus is beagnach go samhlaíonn muid go bhfuil muid ann muid féin. Is sampla é den chineál bua a bhí ag Máirtín Ó Direáin mar fhile, go raibh sé in ann pictiúr saibhir, mar a bheadh scannán ann, a chruthú le focla simplí agus nádúrtha.

“Tá sé cuí mar sin gur pictiúr nádúrtha de Mháirtín Ó Direáin féin agus an dúlra sin a bhí chomh gar dá chroí atá ar an stampa comórtha de chuid a iar-fostóir féin, An Post atá á sheoladh go hoifigiúil anseo inniu,” a deir Ó Cuív freisin.

CRÍOCH