Baile Nuacht Preaseisiúintí Fáiltíonn an tAire Ó Cuív roimh seirbhís nua bus ó Chárna, Co. na Gaillimhe

Fáiltíonn an tAire Ó Cuív roimh seirbhís nua bus ó Chárna, Co. na Gaillimhe

Nuacht - Preaseisiúintí

Chuir an tAire Éamon Ó Cuív fáilte roimh an tseirbhís bus nua a thosaigh ar an 31 Bealtaine 2010 ó Chárna go Gaillimh.  Téann an bus tré Chasla, Indreabhán, An Spidéal srl.  Fágann sé Carna ar maidin ag 7.30 a.m. agus sroicheann sé Gaillimh ag 9.25 a.m.   Filleann an bus ar Charna tráthnóna ag fágáil Gaillimh ag 5.00 p.m.  Fáiltíonn an tAire go mór mhór roimh na táillí bus a bhaineann leis an tseirbhís seo atá i bhfad níos saoire ná na táillí a bhí ann cheana (cóip de na táillí leis seo).

Molann an tAire Ó Cuív anois do dhaoine smaoineamh ar an seirbhís nua seo a úsáid in áit taisteal i gcarr mar go gcreideann sé gur seirbhís é atá áisiúil agus saor do dhaoine a bhíonn ag dul go Gaillimh ar ghnó, chuig ospidéal nó a leithéid. Tá súil ag an Aire Ó Cuív anois go mbeidh go leor daoine ag taisteal ar an mbus seo gach lá a bheas ag dul ó Charna trí Chasla isteach go Gaillimh.