Deontas Cúraim Faoisimh le n-íoc d’ ós cionn 71,000 cúramóir
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Céadaoin, 02 Meitheamh 2010
Tá súil go n-íocfar Deontas Cúram Faoisimh do 71,000 cúramóir mór-thimpeall na tíre, formhór acu an tseachain seo (Déardaoin 3ú Meitheamh). Tá an deontas seo de €1,700 ar fáil do gach cúramóir le cibé achmhainn, ioncam nó árachas shóisialaigh ranníocaíochta a chuireann cúram agus aire lán-aimseartha ar fáil do shean duine nó duine le mí-chumas.
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Éamon Ó Cuív T.D: “Tugann an íocaíocht seo an-chúnamh do chúramóirí faoiseamh a fháil dóibh féin nó don té atá siad ag tabhairt aire dóibh. Íoctar an t-íocaíocht seo sa chéad tseachtain de mhí Mheitheamh gach bliain ón am ar thug an rialtas isteach an deontas i 1999. I mbliana, bainfidh ós cionn 71,000 cúramóir leas as an íocaíocht.”
Íoctar an deontas uaidh féin do gach cúramóir atá ag fáil íocaíochtaí Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra agus an Liúntas Cúraim Teaghlaigh. Is féidir le cúramóirí eile nach bhfuil i dteideal na híocaíochtaí seo iarratas a dhéanamh iad féin ar an deontas. Is féidir le cúramóirí atá ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin a bheith i dteideal €1,700 i leith gach duine atá siad ag tabhairt aire dóibh, mar shampla, d’fhéadfadh duine atá ag tabhairt aire lán-aimseartha do bheirt le míchumas a bheith i dteideal €3,400.
Is é an caiteachas measta don scéim do 2010 ná ós cionn €153 milliún.
Dúirt an tAire Ó Cuív: “Tá tuiscint ag an rialtas ar an sár-obair atá á dhéanamh ag cúramóirí agus tá an Rialtas ag déanamh iarracht i gcónaí na seirbhísí agus seirbhísí tacaíochta do chúramóirí a fheabhsú. Le deich mbliana anuas, níl na coinníollacha cáiliúcháin chomh dian, tá tuairisciú ar an scéim leathnaithe agus tá scéimeanna nua tugtha isteach ar nós an Leath-Ráta Liúntas Cúramóra agus an Sochar Cúramóra.
Is é an caiteachas iomlán don Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra agus an Deontas Cúraim Faoisimh ná ós cionn €725 milliún do 2010.
Breis eolais faoin Deontas Cúraim Faoisimh le fáil ar www.welfare.ie.
Críoch




