Baile Nuacht Preaseisiúintí Fáiltíonn Ó Cuív roimh Bratacha Gorma do Thránna i nGaillimh

Fáiltíonn Ó Cuív roimh Bratacha Gorma do Thránna i nGaillimh

Nuacht - Preaseisiúintí

Tá fáilte curtha ag Éamon Ó Cuív T.D. Aire Coimirce Sóisialaí roimh nuacht óna chomhghleacaí John Gormley T.D. Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil go bhfuil 76 brat gorm le bronnadh ar tránna ar fud na tíre, ina measc Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua, An Trá Mhór i gCoill Rua, Indreabhán, Cill Mhuirbhigh ar Inis Mór, An Trá Gheal i mBearna agus trá Bóthar na Trá i nGaillimh. 

Bronntar na bratacha gorma ar tránna le ard-chaighdeán uisce, le áiseanna do chuairteoirí, ard-bhainistíocht na tránna ar nós sábháilteacht, rialú bruscair, gníomhaíochtaí timpeallachta agus fáil éasca ar eolas.

Chomh maith leis na bratacha gorma, tá Duais Cósta Glas le bronnadh inniu ar trá Bhóthar na Trá, an Trá Gheal i mBearna, Cuan an Mhada i gCloch na Rón, An Ceann Thoir ar Inis Bó Fine agus Trá Inis Oírr. Bronntar na Duaiseanna Glasa ar tránna tuaithe ina bhfuil ard-chaighdeán uisce acu ach nach mbeadh chomh forbartha leis na tránna le brat gorm.

Ag labhairt faoi na bratacha, deir an tAire Ó Cuív:
“Táim an-sásta go bhfuil na Bratacha Gorma agus na Duaiseanna Glasa seo bronnta ar na tránna seo i gContae agus Cathair na Gaillimhe agus tá súil agus go mbeidh níos mó daoine ag tabhairt cuairt agus ag baint úsáid as na tránna, ní amháin muintir na háite ach turasóirí ó chontaetha agus tíortha eile. Freisin caithfidh mé rá go bhfuil an-díomá orm go bhfuil Trá an Spidéil tar éis an brat gorm a chailleadh agus beidh mé ag coinneáil orm ag brú an géar-ghá le córas séarachais nua don Spidéal le Comhairle Contae na Gaillimhe agus leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtas Áitiúil.