Baile Nuacht Preaseisiúintí Oscalaíonn Ó Cuív an síneadh nua ar Scoil Náisiúnta Naomh Treasa, An Caiseal, Co. na Gaillimhe

Oscalaíonn Ó Cuív an síneadh nua ar Scoil Náisiúnta Naomh Treasa, An Caiseal, Co. na Gaillimhe

Nuacht - Preaseisiúintí

D’oscail Éamon Ó Cuív T.D., Aire Coimirce Sóisialaí an síneadh nua ag Scoil Náisiúnta Naomh Treasa, An Caiseal, Co. na Gaillimhe inniu (25 Meitheamh 2010). Freisin, sheol an tAire an DVD ‘Cashel by the Sea’ a déanadh sa scoil le gairid. Thug an tAire aitheantas don tríú brat glas a bronnadh ar an scoil de bharr a gcuid iarrachtaí caomhnaithe uisce.

Tá dhá seomra ranga le seomra stórais agus leithreas, halla ginearálta, cistin, seomra tacaíochta foghlamtha, oifigí agus leithreas tógtha nua sa scoil. Chuir An Roinn Oideachas agus Scileanna deontas de beagnach €5m ar fáil don síneadh nua.

Dúirt an tAire go raibh áthas air an síneadh a oscailt: “Tá traidisiún bródúil oideachais ag Scoil Naomh Treasa ó bhunús na scoile i 1949.  Cinntíonn an trealamh teicneolaíocht nua seo agus an seomra tacaíochta foghlamtha go mbeidh oideachas den scoth ag daltaí na scoile ar feadh blianta fada ag teacht. Bainfidh na daltaí agus múinteoirí an-tairbhe as na seomraí ranga nua agus na saoráidí feabhsaithe seo”.

Mhol an tAire an scoil agus na daltaí de bharr na h-éachtaí suntasach atá bainte amach acu thar réimsí éagsúla.  Glacann Scoil Náisiúnta Naomh Treasa páirt i gclár Comenius.  Rinne na daltaí DVD a tharraing suntas ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sa scoil.  “Cashel by the Sea” is ainm don DVD.  Fuair and tAire deis an DVD a sheoladh inniu agus dúirt sé: “Ba mhaith liom na daltaí a mholadh de bharr an DVD iontach seo a dhéanamh agus de bharr díograis na ndaltaí don tionscadal Comenius a chothaíonn léargas trí mhalartú.  Tá mé an-tógtha leis an roghnú de ceol, sport agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha eile atá ar fail do na daltaí.”

Lean an tAire:  “Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis an bhfoireann, na daltaí agus a dtuismitheoirí don tríú brat glas a bronnadh orthu.  Is iontach an scoil a fheiceáil ag glacadh páirt i sa tionscnamh seo leis An Taisce, atá mar bhuntáiste, ní amháin do na daltaí agus don scoil ach freisin don timpeallacht mórthimpeall orainn”.  

Chríochnaigh an tAire ag tabhairt ard-mholadh do Phríomhoide na scoile, Cepta Stephens.  Ghlac sé buíochas as foirne na scoile mar a bhí agus mar atá anois agus ghlac sé buíochas don Bord Bainistíochta agus don Chathaoirleach Desmond Lally.  Ghlac an tAire buíochas freisin d’ Iar-Chathaoirleach an Bhoird, an tAthair Padraig Breen, a cailleadh níos luaithe i mbliana.  Ghuí an tAire gach rath ar na daltaí ina scoil athchóirithe nua.

Críoch
 
25.06.2010

Nóta don Eagarthóir :

*Tionscnamh Comenius
Mar pháirt do thionscnamh Coimisiún na hEorpach Chlár Feath an tSaoil 2007-2010, díríonn Comenius ar an chéad stad don oideachas: naíolann, oideachas náisiúnta agus dara-leibheal chomh maith le gairmscoileanna agus oideachas teicniúil agus leathnaíonn sé do daltaí, múinteóirí agus fóirne oideachais. Is féidir freisin eagraíochtaí ar nós coistí tuismitheóirí, eagraíochtaí neamh-rialtasacha, údaráis áitiúila, gnóanna agus páirtnéirí sóisialta a bheith páirteach ann.