Baile Nuacht Preaseisiúintí Fáiltíonn Ó Cuív roimh chonarthaí de luach €1.9m do chomhlacht Gaeltachta Éirecomposites Teoranta

Fáiltíonn Ó Cuív roimh chonarthaí de luach €1.9m do chomhlacht Gaeltachta Éirecomposites Teoranta

Nuacht - Preaseisiúintí

Tá fáilte curtha ag an Aire Coimirce Sóisialaí Éamon Ó Cuív T.D roimh an bhfógra inniu (28 Meitheamh 2010) go bhfuil conarthaí faighte ag Éirecomposites Teoranta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe leis an Gníomhaireacht Eorpach Spás de luach €1.9m le teicneolaíochtaí a fhorbairt don chéad ghlúin eile i lainseálaithe agus satailítí.

 

 

Dúirt an tAire Ó Cuív:

“Taispeánann an bronnadh conarthaí seo ar Éirecomposites Teo cumas na comhlachta Gaeltachta nuálaíoch seo dul i gcomórtas le comhlachtaí eile san earnáil teicneolaíochta spás.  Tá Éirecomposites á dhéanamh seo tríd díriú isteach ar shár scileanna agus cumas a bhfoirne.

Lean an tAire “Beidh Éirecomposites Teo ag soláthar teicneolaíocht treorach don Gníomhaireacht Eorpach Spás. Is sampla iad Éirecomposites don sórt comhlachtaí dinimiciúil atá lonnaithe i gCathair agus Contae na Gaillimhe agus go bhfuil siad bunaithe ar sár-mhaitheas nuálaíochta. Caithfear árd-mholadh a thabhairt dóibh ar an árd-chaighdeán atá acu agus freisin ar an obair déanta acu chun sampla iomaíoch gnó a fhorbairt.

Is é comhghleacaí rialtais an Aire, Batt O’ Keefe T.D. a rinne an fógra. Beidh triúr grádaithe innealtóireachta nua fostaithe le obair ar an tionscnamh atá freisin ag fáil tacaíocht ó Enterprise Ireland. Tugann an Rialtas infheistíocht de €14.5m gach bliain don Gníomhaireacht Eorpach Spás a chabhraíonn le comhlachtaí tairiscintí a dhéanamh ar chonarthaí forbartha teicneolaíochta.

 Chríochnaigh an tAire ag rá;
“Tá gá do chomhlachtaí a bheith solúbtha agus dinimiciúil de bharr luas an teicneolaíocht agus riachtanais an chustaiméira. Tá an Rialtas tiománta go mbeidh Éirinn mar phríomh láthair do thaighde agus forbairt agus do na postanna inár féidir a chruthú dá bharr”.

 Críoch.