Ráiteas ó Éamon Ó Cuív T.D. maidir leis an mbóthar nua ó Bhearna go Scríb i gConamara.
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Déardaoin, 08 Iúil 2010
I ráiteas inniu, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Éamon Ó Cuív T.D. go raibh súil aige go ndéanfaidh Comhairle Contae na Gaillimhe fógra go luath maidir leis na bealaí atá roghnaithe don bhóthar nua go Conamara.
Faoi láthair táthar ag breathnú ar chúrsaí éagsúla don bhóthar agus dúirt an tAire Ó Cuív go raibh sé fíor-thábhachtach go roghnófaí thrí chúrsa, ar a mhéid, go luath. Tá easpa soiléireachta ar an ábhar seo ag cur moill ar cheadúnais pleanála do go leor daoine agus tá éiginnteacht i measc an phobail dá bharr.
“Tá sé tábhachtach go bpiocfar cúrsa nach gcuirfidh isteach mórán ar an bpátrún traidisiúnta lonnaíochta i ndeisceart Chonamara. Nuair a dhéanfar cinneadh faoi na cúrsaí seo, bheinn ag súil go bpiocfaí na trí cinn is faide ó thuaidh, agus ansin, tar éis scrúdú a dhéanamh orthu seo, go roghnófaí an bealach a bheadh an tairbhe is fearr leis agus ceann nach gcuirfeadh mórán as don phátrún tithíochta i gConamara.
Táim ag súil le foilsiú moltaí an Chomhairle Contae agus le plé iomlán ar na roghanna atá ag an gComhairle Contae agus ag an bpobal.
Ceapaim gur chóir an próiseas seo a bheith cuimsitheach agus nach gcuirfí bac ar aon rogha go dtí go mbíonn mionscrúdú déanta orthu go léir.”




