Fáiltíonn an tAire Ó Cuív roimh €500,000 do sheirbhísi Cúram Leanaí agus Iar-scoile ar an gCeathrú Rua, Co na Gaillimhe
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 09 Iúil 2010
Tá fáilte curtha ag an tAire Coimirce Sóisialaí Éamon Ó Cuív T.D. roimh an bhfógra inniu go bhfuil deontas €500,000 ceadaithe chun Ionad a fhorbairt le haghaidh seirbhísí cúram leanaí agus iar-scoile ar an gCeathrú Rua. Is comhfhiontar an togra seo idir a Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Coiste Comhfhiontar na Ceathrún Rua. Tá súil naíolann, naíonra agus ionad cúram iar-scoile a bheith lonnaithe i sealúchas in Eastáit Tionscail atá i seilbh an Údaráis.
Dúirt an tAire Ó Cuív T.D tráthnóna:
”Táim an-sásta go bhfuil €500,000 ceadaithe leis na seirbhísí cúram leanaí seo a fhorbairt ar an gCeathrú Rua. Sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge 2007, tá béim curtha ar an tacaíocht atá ag teastáil do thuismitheoirí óga sa Ghaeltacht a gcuid páistí a thógáil tríd mheán na Gaeilge. Tabharfaidh an áis nua seo an-chúnamh do thuismitheoirí óga lena gcuid iarrachtaí agus ag an am céanna is áis iontach a bhéas ann freastail ar riachtanais an pháiste. Tá sé aitheanta go bhfuil spraoi agus rannpháirtíocht i gníomhaíochtaí spraoi an-tábhachtach d’ fhorbairt oideachasúil an pháiste agus táim an-sásta go bhfuil an cúnamh seo ón rialtas curtha ar fáil do thuismitheoirí agus páistí ar an gCeathrún Rua agus do na ceantair mórthimpeall.
Is é an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta a d’ fhógair an maoiniú seo inniu.




