€20,000 do Shleamhnán ag Trá Pholl an Mhadaidh i nDún na nGall
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 29 Meán Fómhair 2009
Tá curtha in iúl ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., inniu go bhfuil deontas de €20,000 ceadaithe aige chun oibreacha a chríochnú ar an sleamhnán ag Trá Pholl an Mhadaidh, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall.
Cuireadh tús leis na hoibreacha ar an sleamhnán anuraidh le cúnamh faoi chlár mhionoibreacha na n-oileán agus aontaíodh ag an am go mbeadh siad á gcríochú i mbliana. Chosain na hoibreacha ar an sleamhnán €80,000 in iomlán agus tá an Chomhairle Contae ag cur 50% den chostas seo ar fáil.
"Tá mé sásta a bheith ag ceadú an deontais seo mar cuirfidh sé ar chumas na Comhairle Contae na hoibreacha ar cuireadh tús leo anuraidh a chur i gcrích anois, rud a chuirfidh le hinmharthanacht agus saol phobal oileán Árainn Mhór," a dúirt an tAire.




