Baile Nuacht Preaseisiúintí "Bí páirteach sa spraoi ar chosán in aice leatsa i nGaillimh ar Lá Náisiúnta na gCosán an Domhnach beag seo," a áitíonn Ó Cuív

"Bí páirteach sa spraoi ar chosán in aice leatsa i nGaillimh ar Lá Náisiúnta na gCosán an Domhnach beag seo," a áitíonn Ó Cuív

Nuacht - Preaseisiúintí

Áitíonn Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ar mhuintir na Gaillimhe bróga siúil nó buataisí rubair a chur orthu féin Dé Domhnaigh, 4 Deireadh Fómhair, le páirt a ghlacadh i gceann de na himeachtaí saor in aisce atá eagraithe do Lá Náisiúnta na gCosán 2009.

Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ar fud na tíre ó shiúlóidí do theaghlaigh go cosáin do rothair sléibhe agus fiú amháin cosáin ar uisce do chanúálaithe agus do chadhcadóirí. Tá Lá Náisiúnta na gCosán méadaithe i mbliana ó 70 imeacht anuraidh go 100 imeacht i mbliana.

Beidh an tAire Ó Cuív ag glacadh páirte i dtrí imeacht i gConamara i mbliana:

  • Ag 12:00 pm, osclóidh an tAire Cosán Rothar Sléibhe do Thosaitheoirí ag Cosán Rothar Sléibhe Dhoire Abhra, 8km siar as Uachtar Ard ar Bhóthar an Chlocháin (N59).
  • Ag 2:00 pm, osclóidh an tAire Ó Cuív na himeachtaí siúlóide agus rothaíochta ag cosáin choillearnaí Choill na Fairche/Chonga. Rinneadh marcáil agus léarscáiliú ar na cosáin seo le déanaí agus tá siad uathúil sa mhéid is go bhfuil cosáin ann a théann isteach faoi na príomhbhóithre. Chomh maith leis na siúlóidí agus cosáin rothaíochtaí 3 uair a chloig, beidh siúlóidí dúlra níos giorra ar fáil i ngach baile do theaghlaigh le naíchóistí. Cuirfear bia, deoch agus bus ar fáil.
  • Ag 3:00 pm, glacfaidh an tAire páirt sna himeachtaí siúlóide agus rothaíochta ar an bhFairche.

"D’éirigh thar cionn le Lá Náisiúnta na gCosán anuraidh, agus ón méid fiosrúchán atá faighte i mbliana agus an líon imeachtaí éagsúla atá eagraithe, is cosúil gur ag dul ó neart go neart atá sé," a dúirt an tAire Ó Cuív. "I nGaillimh aisti féin tá siúlóidí treoraithe do theaghlaigh ar phortaigh, cois cósta, i gcoillte agus ar oileáin, chomh maith le cosáin rothar sléibhe agus cosán do chanúnna. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce agus tá rud eicínt ann do chuile dhuine agus do chuile leibhéal ábaltachta. Mar sin, impím ar dhaoine dul amach ansin agus páirt a ghlacadh sa spraoi ar an Domhnach beag seo."

Chun eolas a fháil ar imeachtaí a bheidh ar siúl i do cheantarsa mar chuid de Lá Náisiúnta na gCosán, féach ar www.nationaltrailsday.ie.