Seirbhísí Ró/Ró d’Árainn Mhór
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 02 Deireadh Fómhair 2009
Tá fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, go bhfuil conradh ró/ró d'Árainn Mhór, Co Dhún na nGall, don tréimhse 1 Meán Fómhair 2009 go dtí an 31 Lúnasa 2014 aontaithe ag a Roinn le Maoin na Farraige Teo/Cara na nOileán Teo. Is é luach iomlán an chonartha seo ná €1,068,000.
Cinnteoidh soláthar an fhóirdheontais Stáit seo go mbeidh seirbhís chuimsitheach paisinéirí, lastais agus iompair feithiclí ar fáil don oileán, go háirithe le linn míonna an gheimhridh nuair a bheidh tairbhí suntasacha an fhóirdheontais le feiceáil. Ag déanamh an fhógra seo, dúirt an tAire Ó Cuív:
"Tá anúáthas orm an fógra seo a dhéanamh inniu. Cinnteodh an socrú seo go mbeadh seirbhís ró/ró den scoth ar fáil d'Árainn Mhór sna blianta amach romhainn. Tá a leithéid de sheirbhís tairbheach agus ríthábhachtach do phobal an oileáin i dtéarmaí eacnamaíochta agus sóisialta."




