Baile Nuacht Preaseisiúintí Omós do Brian Lenihan T.D

Omós do Brian Lenihan T.D

Nuacht - Preaseisiúintí

Níl leagan aistrithe ar fáil.

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán Foinse na seachtaine seo.


Brian Lenihan TD

Ta fathach polaitíochta ar lár.

Fear a raibh de phribhléid agam freastal ag bord an Rialtais leis.
Chuir mé aithne ar Bhrian Lenihan an chéad uair nuair a toghadh chun na Dála é. Ón gcéad lá sin thuig mé go raibh pearsa mór inár measc agus go mbeadh tionchar aige ar an saol polaitíochta. Bhí spéis aige sa nGaeilge i gcónaí agus is cuimhneach liom é a rá go raibh sé ag iarraidh feabhas a chur air an t-am sin.

Nuair a ceapadh mar Aire-stáit le cúraimí leanaí air bhí sé ag suí in aice liom ag Bord an Rialtais agus ar ndóigh chuir me aithne i bhfad níos fearr air ansin. Duine an-chumasach a bhí ann ina chuid oibre agus greim faoi leith aige ar chúrsaí casta dlí. Ni raibh aon iontas ar éinne againn nuair a ceapadh mar Aire Dlí agus Cirt i 2007. Bhí sé thar a bheith feiliúnach don phost seo agus an-éifeachtach ann. Thaispeáin sé sa bpost sin freisin an tuiscint domhan a bhí aige ar dhaoine agus an gá a bhí ann an córas a fheabhsú. Is beag a cheap muid ag an am nach mbeadh sé sa bpost sin ach bliain amháin agus go gceapfaí mar Aire-Airgeadais i 2008.


Ar chéad amharc, lena chúlra sa dlí agus teangacha, ba dheachair a shamhlú go ndéanfadh sé Aire Airgeadais maith. Rinne, áfach, agus nuair a tháinig an géar-chéim airgeadais thaispeáin sé chomh huile-chumasach agus a bhí sé. Ar ndóigh le trí bliana anuas ní amháin go raibh scil ag teastáil ón Aire Airgeadais i gcúrsaí airgid ach theastaigh mion eolas ar an dli agus cúrsaí eacnamaíochta sa mbaile agus i gcéin. D’fhoghlaim sé an- scioptha agus dar liom ba é an fear ceart san áit cheart i rith an ama sin. In am tráth dar liom feicfear go raibh na mór-chinnithe a thóg sé ceart bunaithe ar an eolas a bhí ar fáil aige ag an am. Ba briseadh croí dúinn a bhí gar dó nuair a d’éirigh sé tinn ach níor lig sé don tinneas cur as don obair a bhí sé ag déanamh ar son an náisiúin. Ba eachtrach an chaoi a choinnigh sé ag imeacht agus an chaoi nár chaill se greim ar an obair an fhad agus a bhí sé san Roinn Airgeadais. I Márta 2010 ceapadh mé mar Aire Coimirce Shóisialaigh agus ó tharla go bhfuil an caiteachas is mo atá ag aon roinn stáit ag an roinn sin bhí deis agam oibriú go dlúth leis le bliain anuas. Ba dhuine iontach le plé leis é mar go raibh sé éascaí labhairt leis agus cé go minic go raibh muid ar mhalairt tuairimí faoi rudaí níor thit muid amach lena chéile riamh. Go sóisialta ba chomhluadar iontach é agus an spéis agus eolas aige ar réimse leathan ábhar go mór an stair.

Bhí sé dílis don Ghaeilge i gcónaí agus é an-tacúil don Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus riachtanas na Gaeilge mar ábhar iontrála i gcoláistí Ollscoil Náisiúnta na hÉireann.
Le roinnt seachtainí anuas ba léir go raibh an deireadh ag teacht. Ainneoin sin choinnigh sé a spéis go dtí an deireadh i gcúrsaí na Dála agus Fianna Fáil.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean Patricia, a chlann, a mháthair agus a  ghaolta ar a mbris.

Leaba i measc na naomh go raibh aige

Éamon Ó Cuív