Fógraíonn Ó Cuív athchóiriú iomlán ar Choláiste Chomáin i Ros Dumhach
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 05 Deireadh Fómhair 2009
Déanfar athchóiriú iomlán ar Choláiste Chomáin i Ros Dumhach tar éis maoiniú a bheith ceadaithe chun oibreacha móra tógála agus athdheisiúcháin a dhéanamh ar an scoil Ghaeltachta, a dúirt Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Dar leis an Aire Ó Cuív, chuir a chomhghleacaí Rialtais, an tAire Oideachais agus Eolaíochta Batt O'Keeffe T.D., ar an eolas é gur ghlac an Roinn leis an tairiscint ab iomaíche de bheagnach €340,000 as na hoibreacha a chur i gcrích. I measc na n-oibreacha sin beidh:
- dhá sheomra ranga nua, seomra ceardaíochta, seomra innealtóireachta, seomra don airíoch agus stór, dhá sheomra feistis, leithris foirne, leithris do dhaltaí agus leithreas do dhaoine faoi mhíchumas;
- an seid taobh amuigh a leagan;
- ag déanamh athdheisiúchán agus athchóiriú ar pháirt den fhoirgneamh atá ann cheana féin;
- ag déanamh uasghrádú ar an gcóras aláraim dóiteáin agus ar na háiseanna cóireála séarachais;
- ag cur breis spásanna páirceála ar fáil.
Dúirt an tAire Ó Cuív go gcuirfeadh múinteoirí agus daltaí sa scoil chomhoideachais seo fáilte roimh an bhfógra agus go gcuirfeadh an pobal áitiúil i gcroílár Ghaeltacht Iorrais fáilte mhór roimhe chomh maith.
"Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil obair thógála le tosú ar thogra Choláiste Chomáin agus go bhfuil an luach ar airgead is fearr bainte amach ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sa phróiseas tairisceana.
"Léiríonn sé seo tiomantas leanúnach an Rialtais seo do scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus do phobail tuaithe.
"Tá sé tábhachtach go mbeadh cóiríocht scoile ar ardchaighdeán ag daltaí Choláiste Chomáin mar chúiteamh ar na torthaí maithe oideachasúla a bhaineann siad amach.
"Níl aon amhras orm ach go gcuideoidh na seomraí ranga nua agus na háiseanna nua-aimseartha sa scoil gairmoideachais chomhoideachais seo le hiarrachtaí dhaltaí agus mhúinteoirí dúthrachtacha na scoile seo éachtaí nua a bhaint amach sa todhchaí," a dúirt an tAire Ó Cuív.




