Baile Nuacht Preaseisiúintí Ráiteas ó Éamon Ó Cuív TD ar Bhille na Gaeltachta 2012-"Gá le scrúdú cúramach ar an mbille Gaeltachta"- Ó Cuív

Ráiteas ó Éamon Ó Cuív TD ar Bhille na Gaeltachta 2012-"Gá le scrúdú cúramach ar an mbille Gaeltachta"- Ó Cuív

Nuacht - Preaseisiúintí

Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív inniu go bhfuil an-díomá air faoin mBille Gaeltachta atá foilsithe faoi dheireadh.

Cé go mbreathnaíonn sé ar chéad amharc go bhfuil go leor ann atá bunaithe ar an Staidéar Teangeolaíochta ar an nGaeltacht agus an Straitéis Fiche Bliain, tá an bille féin an lag ó thaobh sonraí de agus cur chuige agus deir sé ann gur tuilleadh ciorraithe atá in ann dúinn dá bharr seachas tuilleadh infheistíochta.

 

Chomh maith le sin tá deireadh a chur le hÚdarás tofa Gaeltachta leis an Aire ag ainmniú leath den bhord agus Comhleoirí Contae, nach bhfuil baint ag a bhformhór leis an nGaeltacht, ag ainmniú an chuid eile.

Is léir nach bhfuil muinín ag an Aire go dtoghadh na pobail na daoine ar mhaith leis ar an Údarás agus ó tharla go bhfuil mórlach ag an ngrúpa atá Fine Gael bainteach leis ar chuid mhaith de na Comhairlí Contae seo go mbeidh sé in ann a chairde a fháil ar an mbord ar an mbealach seo.

Caithfear troid in aghaidh seo go láidir.

Maidir leis an mbille féin ta go leor ceisteanna ann faoi ina measc -:

Níl aon sainmhíniú beacht ar na cáilíochtaí a chaitheadh a bheith ag eagraíocht le cur isteach ar phlean a réiteach do cheantar pleanála teanga;

Tá sé soiléir ón mbille agus ón meabhrán mínitheach nach bhfuil i gceist aon acmhainní a chur ar le forálacha an bhille a chur i bhfeidhm. Mar sin ní féidir go n-éireoidh leis an mbille a spriocanna a bhaint amach;

Tá cúramaí troma leagtha sa mbille seo ar Fhoras na Gaeilge, cé nach bhfuil smacht ag an Rialtas nó ag an Oireachtas ar an bhForas ó tharla gur eagraíocht tras-teorann é.  Mar sin ní féidir a bheith cinnte go mbeidh an Foras sásta na dualgais seo a chomhlíonadh sa bhfad téarma;

Is é an tAire a cheadóidh na Pleananna Teanga agus a dhéanfaidh breithiúnas an bhfuil siad foirfe nó nach bhfuil agus a dhéanfaidh cinnithe an bhfuil siad a chur i bhfeidhm go sásúil nó nach bhfuil.  Fágann sé seo an iomarca cumhachta ag an Aire agus ba cheart go mbeadh ról ag an gCoimisinéir Teanga san obair seo;

Níl na critéir pleanála teanga atá leagtha síos sa mbille sách cruinn nó láidir agus tá sé oscailte do mhí-úsáid.

Maidir leis an Údarás is léir go bhfuil deireadh a chur le hÚdarás daonlathach Gaeltachta. Beidh cumhacht ag an Aire faoin mbille seo srian a chur ar obair fiontraíochta an Údaráis.

Níl i gceist aon acmhainní breise a thabhairt don Údarás – a mhalairt atá i gceist.

Críoch