Breis agus €375,000 ceadaithe ag Ó Cuív chun athchóiriú a dhéanamh ar "Dún Mhuire", An tAonach, Co Thiobraid Árann
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Déardaoin, 08 Deireadh Fómhair 2009
D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas €378,380 ceadaithe aige do Chonradh na Gaeilge, an tAonach, Co Thiobraid Árann, chun cur ar a gcumas obair athchóirithe a chur i gcrích ar "Dhún Mhuire". I measc na n-oibreacha sin tá: athchóiriú le déanamh ar an díon, plástráil laistigh agus lasmuigh, síleáil nua uile taobh istigh, chomh maith le hurláir nua.
Agus é ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire: "Tá "Dún Mhuire" ag feidhmiú mar lárionad na Gaeilge san Aonach le blianta fada. Úsáidtear an foirgneamh chun seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil don phobal, mar shampla, ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, cruinnithe, agus oícheanta ceoil, filíochta agus drámaíochta a bhíonn ar bun go rialta. Nuair a bheidh an obair athchóirithe seo curtha i gcrích ní hamháin go leanfar leis na nithe éagsúla seo, ach tá i gceist seomraí a chur ar fáil do naíonra chomh maith le seomraí a chur ar fáil do sheirbhísí cúram leanaí ina gcuirfear béim ar labhairt na Gaeilge trí amhráin/rannta agus ceol/damhsa/drámaí na Gaeilge."
Lean sé air: "Tá sé fíorthábhachtach pobal óg fuinniúil le Gaeilge a chruthú ar fud na tíre agus ní mór áiseanna feabhsaithe den scoth a chur ar fáil chuige sin le deis a thabhairt dóibh agus do lucht labhartha na Gaeilge teacht le chéile sna bailte lasmuigh den Ghaeltacht agus an Ghaeilge a úsáid i bhfoirgnimh agus in áiseanna atá ar ard chaighdeán."




