€87,000 ceadaithe do Bhóithre Áise i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall – Ó Cuív
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé hAoine, 09 Deireadh Fómhair 2009
Tá sé fogartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, go bhfuil deontais, ar fiú €87,000 iad, ceadaithe aige do Chomhairle Chontae Dhún na nGall faoi Scéim na mBóithre Áise.
Tá na deontais seo á gceadú chun an damáiste a rinne tuilte do roinnt bóithre i gceantar Ghaoth Dobhair níos luaithe i mbliana a chur ina cheart. Úsáidfear an maoiniú seo chun 15 bóthar a dheisiú. Tá droichid i gceist ar thrí cinn eile de bhóithre agus déanfar na cásanna sin a mheas tuilleadh ach meastacháin a bheith ar fáil agus na ceadúcháin chuí faighte ó Oifig na nOibreacha Poiblí.
"Tá an cúnamh seo riachtanach do phobal Ghaoth Dobhair agus tá áthas orm go bhfuil sé ar chumas mo Roinne na deontais seo a cheadú do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun na hoibreacha riachtanacha seo a chur i gcrích anois," a dúirt an Aire.
Bóithre Áise Ghaoth Dobhair
| Uimh thag | Seoladh | Fad i Méadair | Deontas Molta |
|---|---|---|---|
| 09D34T | An Luinnigh Bheag | c. 250 | €9,500.00 |
| 09D55T | An Choitín | c.100 | €3,000.00 |
| 09D12T | Baile Láir | c.70 | €1,500.00 |
| 09D101T | Machaire Chlochair | c.80 | €1,500.00 |
| 09D18T | Doirí Beaga | c.200 | €2,200.00 |
| 09D13T | An Seascann Beag | c.150 | €4,500.00 |
| 09D63T | An Seascann Beag | c.60 | €2,000.00 |
| 19D96T | Mín an Chladaigh | c.100 | €4,000.0 |
| 09D01 | Bun na Leaca | c.400 | €22,500.00 |
| 09D104T | Bun na Leaca | c.80 | €7,200.00 |
| 09D51T | Baile Láir | c.80 | €5,000.00 |
| 09D42T | Machaire Chlochair | c.200 | €6,600.00 |
| 09D83T | Srath na Corcra | c.200 | €7,500.00 |
| 09D17T | Machaire Chlochair | c.100 | €5,000.00 |
| 09D57T | Cnoc Fola | c.100 | €5,000.00 |
| Iomlán | €87,000.00 | ||




