Coimisiún Logainmneacha nua ainmnithe ag an Aire Ó Cuív
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 12 Deireadh Fómhair 2009
D'fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, inniu, 12 Deireadh Fómhair 2009, go bhfuil Coimisiún Logainmneacha nua ainmnithe aige. Beidh an Coimisiún ceaptha le héifeacht ó 12 Deireadh Fómhair 2009 ar feadh téarma trí bliana. Is í feidhm an Choimisiúin Logainmneacha ná comhairle a chur ar fáil faoi:
- foirmeacha Gaeilge de logainmneacha a shonrú chun críocha dlí faoi mar a achtaítear i gCuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
- scrúdú a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann mar a shainítear iad sin in alt 31 den Acht chun foirmeacha Gaeilge na logainmneacha sin a dheimhniú.
- orduithe logainmneacha a ullmhú faoi mar a achtaítear in alt 32 den Acht.
- foirmeacha logainmneacha Gaeilge nach n-áirítear san Acht, mar atá, sráidainmneacha.
- foilsiú agus úsáid oifigiúil foirmeacha logainmneacha Gaeilge.
- forbairt a dhéanamh ar thaighde agus staidéar ar logainmneacha in institiúidí tríú leibhéal agus institiúidí oideachais eile.
- margaíocht chuí a dhéanamh ar thaighde an Bhrainse Logainmneacha.
- nithe eile a bhaineann le logainmneacha na hÉireann
Is é príomhchúram an Bhrainse Logainmneacha taighde a dhéanamh chun leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a fhaomhadh agus a fhoilsiú. Tá leaganacha Gaeilge dena logainmneacha riaracháin curtha ar fáil ag an mBrainse go dtí seo i Luimneach, Lú, Port Láirge, Cill Chainnigh, Uíbh Fhailí, Muineachán, Tiobraid Árann, Gaillimh, Baile Átha Cliath, Loch Garman agus sna ceantair Ghaeltachta agus tá taighde ar siúl ar logainmneacha Chorcaí, Liatroma, an Chláir agus Dhún na nGall faoi láthair. Tá an Brainse ag soláthar leaganacha údarásacha Gaeilge dena sráidainmneacha go léir dona húdaráis áitiúla faoi láthair chomh maith i gcomhar le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann.
Ag cur a bhuíochais in iúl don iar-Choimisiún a bhí ann ó Iúil 2006, rinne an tAire Ó Cuív TD, tagairt don éacht a bhí déanta ó shin ag an gCoimisiúin agus ag foireann an Bhrainse Logainmneacha, le deich nOrdú Logainmneacha dréachtaithe ó achtaíodh an tAcht Teanga acu (Cill Chainnigh, Lú, Luimneach, Muineacháin, Port Láirge, Tiobraid Árann, Uíbh Fháilí, Ceantair Ghaeltachta, lárionaid daonra agus dúiche; agus contaetha agus cúigí) agus thuig sé go raibh ceithre ordú eile á n-ullmhú ag deireadh a théarma trí bliana.
Ag fógairt na gceapachán seo, dúirt an tAire:
" Tá áthas orm go bhfuil daoine ón seanChoimisiún sásta leanacht ar aghaidh leis an obair ríthábhachtach atá idir lámha acu. Fáiltím roimh na baill nua agus tá súil agam go mbainfidh siad tairbhe agus taitneamh as a dtréimhse ar an gCoimisiún.
Tá sé fíor-thabhachtach go ndéanfaidh muid ár gcuid seanainmneacha a chaomhnú agus a úsáid. Tá ról lárnach ag an gCoimisiúin Logainmneacha sa phróiseas sin agus beidh mé ag súil le torthaí a chuid saothair a fheiceáil amach anseo. Guím gach rath orthu ina chuid oibre."
Tá liosta de bhaill an Choimisiúin Logainmneacha leis seo.
Liosta de bhaill an Choimisiún Logainmneacha
Athcheapacháin
| Seosamh Ó Braonáin | (Cathaoirleach) Aistritheoir agus craoltóir, léiritheoir chláracha raidió ar Logainmneacha. |
| Dr Nollaig Ó Muraíle | Léachtóir sinsearach Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Saineolaí ar logainmneacha agus ar ghinealaigh na hÉireann. |
| Proinsias de Priondargast | Staraí áitiúil |
| An tOllamh Pádraig Ó Riain | Roinn na Meán agus na Sean-Ghaeilge, UCC, Stiúrthóir ar LOCUS, bunachar sonraí tagartha liteartha do Logainmneacha |
| Marcus Ó Floinn | Múinteoir le céim sa Ghaeilge; saineolaí ar logainmneacha áitiúla |
| Dr Úna Uí Bheirn | Eagarthóir, Foclóir Stairiúla na Gaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann, údar ar théamaí foclóra |
| Tomás Ó Cruadhlaoich | Príomhoide Meánscoile; An Daingean, Co. Chiarraí |
| Máire Ní Chiarba | Múinteoir Teangacha, Iar- chomhalta de Bhord na Gaeilge, Ionadaí an ASTI, an-taithí ar ábhair teangacha |
| An tOllamh Máire Herbert | Roinn an Sean- agus na Meán-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh |
| Dr. Eithne Ní Ghallchobhair | Oideas Gael agus Eagarthóir Cúnta, Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge |
| Séamus Mac Gairbheith | Múinteoir meánscoile |
Ceapacháin nua:
| Dr Úna Bhreathnach | Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Freagrach as www.logainm.ie |
| An tOllamh Ruairí Ó hUiginn |
Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Réimse: Nua-Ghaeilge agus SeanGhaeilge. Cúrsa á mhúineadh i logainmneacha aige. Iareagarthóir Ainm, A Journal of Name Studies. |
| Dr. Micheál Ó Mainnín |
Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Léachtóir, iarbhall foirne Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann. Eagarthóir, Ainm, A Journal of Name Studies. Réimse: NuaGhaeilge, Gaeilge na hAlban, logainmneacha. |
| Siobhán Ní Laoghaire | Roinn na dTeangacha, DIT. Réimse: Teangeolaíocht |
| Dr. Seosamh Ó Ceallaigh | Léann Ceilteach, iar-mhúinteoir meánscoile. |
| Stephanie O Connor | Iar-mhúinteoir scoile |




