€60,602 ceadaithe ag Ó Cuív i leith oibreacha sábháilteachta ag Cé an Chalaidh Mhóir - Inis Meáin
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 12 Deireadh Fómhair 2009
Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., go bhfuil deontas de €60,602 ceadaithe aige chun oibreacha sábháilteachta a dhéanamh ag Cé an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin, Co na Gaillimhe.
Is iad na hoibreacha atá i gceist ná fiondair, soilse, staighre a chur in áit, chomh maith le ráille ar chiumhais na cé.
"Is cúis sásaimh dom an deontas seo a cheadú chun cur le sábháilteacht na cé seo, do phobal an oileáin agus do chuairteoirí," a dúirt an tAire.
D'Oscail an tAire Ó Cuív Cé an Chalaidh Mhóir go hoifigiúil ar an 3 Samhain 2008. Bhain na hoibreacha seo a leanas leis: dreidireacht bheart linne nua, cé nua a thógáil, tonnchosc amach ón gcósta chomh maith le ceann ar an gcladach a thógáil, bóthar rochtana agus saoráidí páirceála a thógáil agus forbairt an chalaidh féin. Ba ionann costas na forbartha agus beagnach €14m. D'Éirigh leis an comhlacht tógála, SIAC Construction Ltd., Gradam Bonneagair agus Foriomlán 2008 Chumann Coincréite na hÉireann a bhaint amach as Feabhas i leith thionscadal caladh foscúil an Chalaidh Mhóir.




