Baile Nuacht Preaseisiúintí Ceadaíonn Ó Cuív Breis Tionscadal faoi Scéim Feabhsúcháin CLÁR d'Áiseanna Spraoi Lasmuigh de Bhunscoileanna

Ceadaíonn Ó Cuív Breis Tionscadal faoi Scéim Feabhsúcháin CLÁR d'Áiseanna Spraoi Lasmuigh de Bhunscoileanna

Nuacht - Preaseisiúintí

Inniu, cheadaigh Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, maoiniú de €29,553.48 do 5 scoil faoi Scéim Feabhsúcháin CLÁR d'Áiseanna Spraoi Lasmuigh de Bhunscoileanna.

Tá Scéim Feabhsúcháin CLÁR d'Áiseanna Spraoi Lasmuigh de Bhunscoileanna dírithe ar áiseanna spraoi lasmuigh de bhunscoileanna beaga tuaithe a fheabhsú i gceantair CLÁR. I measc na n-oibreacha éagsúla a dhéanfar beidh féar/tarmac á chur ar chlóis spraoi, cuirfear eanga agus cuaillí báire, ciseáin cispheile etc. ar fáil, chomh maith le háiseanna eile caithimh aimsire do na láithreacha spraoi lasmuigh.

Tá 75% den chostas á mhaoiniú faoi CLÁR i ngach cás, go huasmhéid €7,500, agus an fuílleach ag teacht as acmhainní áitiúla. Ciallaíonn sé sin go mbeifear in ann oibreacha ar fiú €52,443.90 ar fad iad a chur i gcrích leis an maoiniú tacaíochta seo as CLÁR.

Fágann an infheistíocht is déanaí seo, in áiseanna spraoi lasmuigh de bhunscoileanna, go bhfuil maoiniú €5.7m ar fad ceadaithe faoin mbeart CLÁR seo, agus tá 861 scoil tar éis leas a bhaint as.

"D'éirigh go han-mhaith leis an scéim seo go dtí seo agus tá na mílte páiste i gceantair CLÁR ag baint leas anois as trealamh nua agus áiseanna feabhsaithe. Tá's againn uilig go bhfuil áiseanna maithe spraoi i scoileanna thar a bheith tábhachtach agus, mar sin, tá mé an-sásta go deo go mbainfidh na daltaí sa 5 scoil seo leas as an scéim, mar atá déanta ag go leor eile roimhe seo."

ScoilCostas IomlánCLÁR
Iomlán€52,443.90€29,553.48
Longfort
SN Chluainteach€1,804.65€1,353.48
Iomlán€1,804.651,353.48
Ros Comáin
SN Thobar Bríde€20,000.00€7,500.00
SN An Treana€10,104.25€7,500.00
Iomlán€30,104.25€15,000.00
Ciarraí
SN Ghníomh go Leith€7,600.00€5,700.00
Iomlán€7,600.00€5,700.00
An Iarmhí
SN Dhroim Raithne€12,935.00€7,500.00
Iomlán€12,935.00€7,500.00

Nóta don Eagarthóir

Is clár infheistithe é an scéim CLÁR atá dírithe ar cheantair tuaithe a d'fhulaing ísliú níos mó ná 35% i ndaonra idir 1926 agus 2002. Clúdaíonn an clár codanna de 22 contae agus Co. Liatroma ar fad agus baineann daonra de bheagnach 727,000 leas as. Clúdaíonn scéimeanna CLÁR éagsúlacht mhaith forbairtí, ar nós bóithre, soláthar uisce, diúscairt séarachais, sláinte, feabhsú scoileanna, tiontú leictreachais agus tionscadail chósta, spóirt agus phobail.

Ceantair a ndírítear isteach orthu faoin gclár CLÁR:

Codanna de: Ceatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Dún na Gall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobráid Árainn, Port Láirge, an Iarmhí, Cill Mhantáin agus Liatroim ar fad.