Baile Nuacht Preaseisiúintí Áíonn Ó Cuív go ndáilfí láithreach an €45m atá ar fáil faoin gClár Forbartha Tuaithe 2007-2013

Áíonn Ó Cuív go ndáilfí láithreach an €45m atá ar fáil faoin gClár Forbartha Tuaithe 2007-2013

Nuacht - Preaseisiúintí

D'áitigh Éamon Ó Cuív, TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar na gCuideachtaí Comhpháirtíochta Forbartha Áitiúla Comhtháite go léir ar fud na tíre inniu, chun maoiniú €45m atá ar fáil láithreach faoin gClár Forbartha Tuaithe a leithdháileadh le haghaidh deontas do thionscadail fhiúntacha a dhéanfaidh difríocht mhór dá bpobail.

Dúirt an tAire Ó Cuív:

"Ag deireadh mhí Lúnasa na bliana seo, bhí mé an-sásta cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh a thuairisciú go raibh cead á thabhairt do thionscadail áirithe chaipitil faoin gClár Forbartha Tuaithe chun maoiniú breise a fháil ó Údaráis Áitiúla. Baineann feidhm leis seo maidir le tionscadail chaipitil faoi thrí bheart - athbheochan agus forbairt sráidbhaile, seirbhísí bunúsacha don gheilleagar agus an daonra tuaithe agus caomhnú agus uasghrádú na hoidhreachta tuaithe - agus ceadaíonn sé suas go dtí 95% de mhaoiniú an tionscadail a sholáthar. Tá sé seo fíordhearfach toisc go mbeidh na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, pobail agus Údaráis Áitiúla in ann tionscadal lena mbaineann scála níos mó agus éagsúlacht níos mó a ghlacadh mar thoradh air.

"Tá a fhios againn go léir go bhfuil cúrsaí crua faoi láthair, agus dá bhrí sin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh cheana go mbaintear úsáid an t-airgead ar fáil anois láithreach go tapa agus go mbainfear an leas is fearr as. Creidim gur féidir le pobail tuaithe tairbhe mhór a bhaint as an €45m atá ar fáil le leithdháileadh láithreach ar na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla Comhtháite agus go mbaineann poitéinseal leis chun an deis a thabhairt do na pobail sin céim shuntasach a ghlacadh i dtreo téarnamh eacnamaíoch roimh dheireadh na bliana."

Tá liosta maoinithe do gach ceann de na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla faoi iamh leis seo.

Nóta don Eagarthóir:

Faigheann an Clár Forbartha Tuaithe cómhaoiniú ón Rialtas agus ón Aontas Eorpach agus baineann ríthábhacht leis maidir le hathbheochan cheantair thuaithe na hÉireann. Faoin gClár Forbartha Tuaithe 2007-2013, cuirfear an maoiniú is airde ar taifead, €425.4 milliún, ar fáil. Is é sin beagnach trí huaire na suime a cuireadh ar fáil faoin gClár deireanach (2000-2006), agus an pacáiste is mó riamh le haghaidh forbairt tuaithe. I dteannta leis an infheistíocht phríobháideach a mheallfaidh sé, ba chóir go gcinnteoidh an maoiniú seo caiteachas os cionn €1bn i gceantair thuaithe na hÉireann.

Clár Forbartha Tuaithe 2007-2013

Grúpa Áitiúil GníomhaíochtaMéid Foriomlán an Leithdháilte TionscadailSuim a Tiomnaíodh ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2009Suim ar fáil le Leithdháileadh*
Avondhu/ Blackwater Partnership Limited€1,410,308€586,899€823,409
Ballyhoura Development Limited€1,754,254€815,089€939,165
Carlow County Development Partnership Limited€1,340,723€258,375€1,082,348
Cavan Partnership Ltd. & County Monaghan Area Partnership Ltd.€1,834,010€0€1,834,010
Clare Local Development Company Limited€2,184,253€963,162€1,221,091
Comhar na nOileáin Teoranta€639,787€87,019€552,768
Donegal Local Development Company Limited€1,980,935€530,492€1,450,443
Fingal LEADER Partnership€1,209,293€118,411€1,090,882
FORUM Connemara€1,505,466€124,195€1,381,271
Galway Rural Development Company Limited€2,375,681€684,483€1,691,197
Inishowen Development Partnership€1,290,159€283,297€1,006,862
I.R.D. Duhallow€1,606,200€673,576€932,624
Cill Dara ar Aghaidh Teoranta€1,912,386€144,232€1,768,155
Co Kilkenny LEADER Partnership Co Ltd€1,717,908€593,568€1,124,340
Laois Community & Enterprise Development Company Limited€1,711,714€265,538€1,446,176
Leitrim Integrated Development Company€1,688,651€345,620€1,343,031
Longford Community Resources Limited€1,356,793€613,169€743,624
Louth LEADER Partnership€1,358,797€360,191€998,606
Mayo North East LEADER Partnership Company Teoranta€1,674,079€523,967€1,150,111
Meath Community Rural & Social Development Partnership Ltd€1,888,455€458,674€1,429,782
M.F.G. (Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teoranta)€2,690,324€328,956€2,361,368
North & East Kerry LEADER Partnership Teoranta €1,644,026€382,543€1,261,483
North Tipperary LEADER Partnership Company €1,511,545€454,238€1,057,307
Offaly Integrated Local Development Company€1,793,749€674,685€1,119,064
Roscommon Integrated Development Company €1,887,908€122,915€1,764,992
Sligo LEADER Partnership Co€1,695,375€392,297€1,303,078
South & East Cork Area Development Limited €1,656,889€890,395€766,494
South Kerry Development Partnership Limited€1,926,123€516,480€1,409,643
South Tipperary Local Development Company Limited €1,729,241€414,469€1,314,772
South West Mayo Development Company Limited€1,891,766€909,646€982,119
Waterford LEADER Partnership Limited€1,643,970€344,108€1,299,862
West Cork Development Partnership Ltd€2,254,063€629,199€1,624,864
West Limerick Resources Ltd€1,556,658€420,898€1,135,760
Westmeath Community Development Ltd€1,710,694€353,855€1,356,838
Wexford Local Development€1,917,590€998,492€919,098
Co Wicklow Community Partnership€1,703,483€378,079€1,325,404
Iomlán€61,653,256€16,641,215€45,012,042

*Figiúirí cruinn amhail an 12/10/09