Ó Cuív chun cuairt a thabhairt ar 5 bhaile nua RAPID
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 26 Deireadh Fómhair 2009
Inniu, d'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go dtionólfaidh sé cruinnithe eolais phoiblí i ngach aon cheann den 5 bhaile a cuireadh san áireamh i gClár RAPID le déanaí. Ar an 28 Bealtaine i mbliana, d'fhógair an tAire Ó Cuív cinneadh an Rialtais Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo; Dún Garbhán, Co. Phort Láirge; Inis Córthaidh, Co. Loch Garman; an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí; agus Ráth Caola, Co. Luimnigh a chur san áireamh i gClár RAPID. Is tionscnamh spriodhírithe Rialtais é Clár RAPID (Revitalising Areas by Planning, Investment and Development) a dhíríonn ar an 51 pobal is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír.
Dúirt an tAire Ó Cuív:
"Thug an fáil a bhí againn ar staitisticí ar cheantair bheaga, ón daonáireamh is déanaí, deis dúinn breathnú níos géire ná riamh ar leibhéil díothachta ar fud na tíre, le feiceáil an raibh ceantair ar leith ann ar cheart, mar gheall ar athrú déimeagrafach le blianta beaga anuas, bheith san áireamh anois i gClár RAPID. Chuir mé tús leis an athbhreithniú seo anuraidh mar, ón taithí atá agamsa ó bheith ag tabhairt cuairte ar phobail ar fud na tíre, d'airigh mé go bhféadfadh roinnt pobal, nach raibh sa Chlár, a bheith incháilithe anois.
"Is lárghné de Chlár RAPID rannpháirteachas na bpobal áitiúil i roghnú agus i dtacú le forbairt áitiúil agus i réiteach fadhbanna sóisialta. Tá mé ag súil go mór le dul isteach sna limistéir nua RAPID seo agus an Clár a phlé leis an bpobal áitiúil.
"Tá an Rialtas seo chomh tiomanta is a bhí riamh do thacaíocht a thabhairt do na daoine sin is mó a mbíonn sí ag teastáil uathu, dóibh siúd is mó atá i mbaol agus dóibh siúd is mó atá scoite amach go sóisialta i bpobail na tíre seo. Is tosaíocht í seo. Leanfaidh muid le dul i ngleic le míbhuntáiste sóisialta ar an t-aon bhealach a oibríonn sa bhfadtéarma: gníomh dearfach agus rannpháirteachas láidir ón bpobal. Tá bóthar fada amach romhainn. Níl sé ceart nach féidir le gasúir, atá ag fás aníos i gceantair áirithe sa tír seo, bheith ag súil an leibhéal céanna oideachais a bhaint amach, nó na deiseanna céanna fostaíochta a bheith ar fáil dóibh, le gasúir ar an aois chéanna leo atá ina gcónaí i gceantair eile. Leanfaidh muid ar aghaidh lenár n-iarrachtaí comdheiseanna a bhaint amach dár gcuid gasúr ar fad."
Is é seo a leanas sceideal na gcruinnithe eolais phoiblí:
- Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo - Dé Luain, 2 Samhain, 8.00 pm - Ionad Spóirt agus Fóillíochta Bhéal an Átha
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge - Dé Sathairn, 21 Samhain, 2.00 pm - Ionad le deimhniú
- Inis Córthaidh, Co. Loch Garman - Dé Sathairn, 21 Samhain, 5.00 pm - Ionad le deimhniú
- An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí - Déardaoin, 3 Nollaig, 8.00 pm - Ionad le deimhniú
- Ráth Caola, Co. Luimnigh - Dé hAoine, 11 Nollaig, 4.00 pm - Ionad le deimhniú




