Grúpaí RAPID le cuairt a thabhairt ar a macasamhla i mBéal Feirste chun féachaint ar roghanna eile do thinte cnámha traidisiúnta na Samhna a bheadh neamhdhíobhálach don phobal
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2009
Inniu, d'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil socruithe déanta aige le go bhféadfaidh ionadaithe pobail ó limistéir RAPID an Chabháin, Dhún Dealgan, Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath cuairt a thabhairt ar a macasamhla de ghrúpaí pobail i mBéal Feirste chun plé a dhéanamh ar thriail a bhaint as roghanna eile do thinte cnámha traidisiúnta na Samhna a bheadh neamhdhíobhálach don phobal ar bhonn píolótach trasteorann.
Dúirt an tAire Ó Cuív go dtacódh sé le 'Rabhcáin' mar thinte cnámha a thabhairt isteach chun ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Shamhna ar bhealach sábháilte agus neamhdhíobhálach don timpeallacht. Is rogha sábháilte é an Rabhcán in ionad an tine chnámha mar go mbíonn a leithéidí de thinte a lastar le boinn, pailléid agus ábhar eile atá díobhálach don timpeallacht, corrach agus contúirteach. Lasann an Rabhcán millíní adhmaid ar bhealach sábháilte ar feadh roinnt uaireanta an chloig agus ní dhéanann sé aon dochar don timpeallacht agus bíonn an costas a bhaineann le glanadh suas ina dhiaidh i bhfad níos lú. Bíonn Rabhcáin in úsáid i mBéal Feirste in ionad tine chnámh thraidisiúnta an 11ú Iúil.
Ag labhairt dó ar an tionscnamh, dúirt an tAire:
"Is bealach nuálach na Rabhcáin do phobail áitiúla chun ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Shamhna ar bhealach sábháilte agus ar bhealach freagrach ó thaobh na timpeallachta de. Gach bliain feiceann muid an costas a bhaineann le tinte cnámh Oíche Shamhna ó thaobh an tionchar mór a bhíonn acu ar acmhainní an Gharda Síochána agus na seirbhísí dóiteáin agus éigeandála. Chomh maith leis sin, tógann siad go leor as buiséid na n-údarás áitiúil mar gheall ar an nglanadh suas agus an deisiú a bhíonn le déanamh ina ndiaidh. Is rogha inbhuanaithe iad na Rabhcáin in áit na dtinte cnámh a bhíonn contúirteach nuair a lastar iad le boinn agus le pailléid agus d'fhéadfadh sé gur rogha oiriúnach a bheadh sna Rabhcáin seo do cheantair RAPID sna blianta atá amach romhainn. Cuireann na Rabhcáin bealach ar fáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Shamhna ar bhealach atá neamhdhíobhálach don phobal agus is féidir leis an bpobal uile freastal ar cheiliúradh dá leithéid mar nach mbíonn an faitíos céanna ar dhaoine is a bhíonn nuair a bhíonn tinte contúirteacha cnámh lasta.
"Tá's againn ón taithí atá againn go bhfuil na scileanna agus na hacmhainní ar fáil ag leibhéal áitiúil pobail chun tionscnaimh mar seo atá neamhdhíobhálach don phobal a chur i bhfeidhm. Tá mé thar a bheith buíoch do na pobail áitiúla i mBéal Feirste atá tar éis a gcomhairle a thairiscint agus tá mé ag súil go mór leis na Rabhcáin seo a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach ar an taobh seo den teorainn."
Nóta don Eagarthóir:
Is struchtúr pirimide déanta as fráma cruach an Rabhcán. Tá sé 5 mhéadar ar airde agus dónn sé millíní sailí - acmhainn inathnuaite. Leagtar na Rabhcáin anuas ar leaba ghainimh a chosnaíonn an dromchla ó aon dhamáiste. Bailíonn an luaithreach sa ghaineamh agus is féidir é a úsáid mar leasachán. Dónn na Rabhcáin go tréan ach go sábháilte ar feadh cúpla uair an chloig. Chomh maith leis an ngné sábháilteachta, ní dhéanann an Rabhcán aon dochar don timpeallacht agus bíonn an costas a bhaineann le glanadh suas ina dhiaidh i bhfad níos lú.
Tionscnamh dírithe Rialtais é RAPID (Revitalising Areas by Planning, Investment and Development) a dhíríonn isteach ar na 51 ceantar is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír. Is é aidhm an chláir a chinntiú go dtugtar aird tosaíochta ar dhul i ngleic le dianláithreacht spásúil bochtaineachta agus eisiachais shóisialta laistigh de na 51 ceantar ceaptha trí dhíriú isteach ar acmhainní stáit, atá ar fáil faoin Phlean Forbartha Náisiúnta.




