Baile Nuacht Preaseisiúintí €61,927 ceadaithe do Choiste Forbartha Chorr na Móna, Co na Gaillimhe - Ó Cuív

€61,927 ceadaithe do Choiste Forbartha Chorr na Móna, Co na Gaillimhe - Ó Cuív

Nuacht - Preaseisiúintí

Is cúis áthais d'Éamon Ó Cuív TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a fhógairt go bhfuil deontas de €61,927 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Chorr na Móna, Co na Gaillimhe, mar chabhair chun clós súgartha a fhorbairt i gCorr na Móna. Tá deontas €51,606 á cheadú faoi na Scéimeanna Feabhsúcháin Ghaeltachta agus €10,321 á cheadú faoi CLÁR.

Níl áis mar seo sa cheantar agus aithnítear go raibh gá lena leithéid le cur le saoráidí an cheantair.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire go raibh sé sásta go raibh a Roinn ábalta cuidiú le Coiste Forbartha Chorr na Móna an clós súgartha seo a fhorbairt. "Táim sásta go bhfuil mo Roinn in ann deontas mar seo a cheadú chun go mbeidh áiseanna súgartha ar fáil go háitiúil do phobail ar nós pobal Chorr na Móna," a dúirt sé.