"Tá rannpháirtíocht an phobail agus úinéireacht áitiúil ina ngnéithe lárnacha de Chlár RAPID" - Ó Cuív
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 03 Samhain 2009
Tráthnóna inné, Dé Luain, an 2 Samhain 2009, thionóil Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, cruinniú poiblí i mBéal an Átha faoin gClár RAPID. Cuireadh Béal an Átha agus ceithre bhaile eile (an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí; Dún Garbhán, Co. Phort Láirge; Inis Córthaidh, Co. Loch Garman; agus Ráth Caola, Co. Luimnigh) san áireamh i gClár RAPID le déanaí. Tionscnamh dírithe Rialtais é RAPID (Revitalising Areas by Planning, Investment and Development) a dhíríonn isteach ar na 51 ceantar is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír.
Mhínigh an tAire Ó Cuív conas a oibríonn an Clár RAPID agus thug sé breac-chuntas ar na torthaí agus na buntáistí a bhaineann leis an tionscnaimh, lena n-áirítear:
- Tá RAPID tar éis clóis spraoi, ionaid phobail, áiseanna spóirt, feabhsúcháin ar eastáit tithíochta, bearta moillithe tráchta agus trealamh a raibh géarghá leis, a chur ar fáil do phobail RAPID;
- Tá rannpháirtíocht an phobail agus úinéireacht áitiúil ina ngnéithe lárnacha de Chlár RAPID;
- Tugann an Clár deis do phobail tionscadail agus tionscnaimh nuálacha a fhorbairt ina gceantar féin;
- Tá éirithe go maith le comhtháthú seirbhísí i limistéir RAPID agus comhcheanglaíonn go leor tionscadal nuálach gníomhaireacht amháin nó níos mó as an earnáil phobail, dheonach nó stáit chun éifeachtacht níos fearr a bhaint amach;
- Is féidir leis an bhFoireann Forfheidhmithe Áitiúil i ngach limistéar RAPID maoiniú agus acmhainní pobail a dhíriú ar shaincheisteanna atá sainaitheanta ag a bpobal féin agus, mar sin, is féidir réitigh níos réalaíocha a fhorbairt ar fhadhbanna ar leith a bhíonn le sáru ag pobail ar leith;
- Tá RAPID nasctha leis na húdaráis áitiúla agus, mar sin, tá seasamh maith aige chun comhpháirtíochtaí a fhorbairt le pobail áitiúla, le heagraíochtaí pobail agus deonacha agus le gníomhaireachtaí stáit.
Dúirt an tAire Ó Cuív:
"Tá an Rialtas seo chomh tiomanta is a bhí riamh do thacaíocht a thabhairt do na daoine sin is mó a mbíonn sí ag teastáil uathu, dóibh siúd is mó atá i mbaol agus dóibh siúd is mó atá scoite amach go sóisialta i bpobail na tíre seo. Is tosaíocht í seo. Leanfaidh muid le dul i ngleic le míbhuntáiste sóisialta ar an t-aon bhealach a oibríonn sa bhfadtéarma: gníomh dearfach agus rannpháirteachas láidir ón bpobal. Tá bóthar fada amach romhainn. Níl sé ceart nach féidir le gasúir, atá ag fás aníos i gceantair áirithe sa tír seo, bheith ag súil an leibhéal céanna oideachais a bhaint amach, nó na deiseanna céanna fostaíochta a bheith ar fáíl dóibh, le gasúir ar an aois chéanna leo atá ina gcónaí i gceantair eile. Leanfaidh muid ar aghaidh lenár n-iarrachtaí comdheiseanna a bhaint amach dár gcuid gasúr ar fad."
Tionólfaidh an tAire cruinnithe poiblí eile cosúil leis an gceann sin sna ceithre bhaile eile a cuireadh san áireamh le déanaí i RAPID. Is é seo a leanas sceideal na gcruinnithe:
- Dún Garbháin, Co. Phort Láirge - Dé Sathairn 21 Samhain, 2.00i.n. - Ionad le deimhniú
- Inis Córthaidh, Co. Loch Garman - Dé Sathairn 21 Samhain, 6.30i.n. - Ionad le deimhniú
- An Muileann gCearr, Co. na hIar Mhí - Déardaoin 3 Nollaig, 8.00i.n. - Ionad le deimhniú
- Ráth Caola, Co. Luimnigh - Dé hAoine 11 Nollaig, 4.00i.n. - Ionad le deimhniú




