An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Nuachtlitir 05/10/09
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 05 Deireadh Fómhair 2009
Deontas €110,945 ceadaithe ag Ó Cuív do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo
Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deontas €110,945 ceadaithe aige do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, chun cur ar a gcumas íoc as táillí gairmiúla a bhain le forbairt oifigí nua, ionad ollscolaíochta agus ionad pobail i mBaile an Fheirtéaraigh.
Níor éirigh leis an gComharchumann sa chéad iarratas pleanála a rinne siad ach tá suíomh nua aimsithe acu anois agus táthar muiníneach go mbeifear ábalta brú ar aghaidh leis an tionscadal amach anseo. Dúirt an tAire Ó Cuív, agus é ag déanamh an fhógra, go bhfuil áthas air go bhfuil a Roinn ábalta cuidiú leis an gComharchumann na costais a thit orthu a ghlanadh. "Táim sásta go bhfuil ar chumas mo Roinnse cuidiú le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo na costais a bhain le táillí gairmiúla a ghlanadh agus tá súil agam go mbeifear in ann dul ar aghaidh leis na forbairtí atá i gceist amach anseo," a dúirt sé.
Os cionn €132,141 ceadaithe ag Ó Cuív d'Athnuachan Baile i gCo Dhún na nGall
Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, go bhfuil deontais de €132,141 ceadaithe aige do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun oibreacha athnuachana baile a chur i gcrích sa Ghaeltacht.
Tá €90,737 ceadaithe i leith oibreacha do shráidbhaile na Carraige in iardheisceart an Chontae. Tá €21,404 ceadaithe i leith oibreacha ar an gcosán coise idir an Charraig agus na Doirí Beaga, i gceantar Ghaoth Dobhair agus tá €20,000 ceadaithe i gcomhair Togra Cladaigh an Chlocháin Léith.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Ó Cuív "Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil ar chumas mo Roinne na hoibreacha praiticiúla seo a chómhaoiniú mar go gcuirfidh siad feabhas ar na bealaí atá isteach sna ceantair atá i gceist ."
Tá cómhaoiniú á chur ar fáil ag Comhairle Chontae Dhún na nGall i leith na n-oibreacha seo chomh maith.
€22,833 ceadaithe do Chomharchumann Íde Naofa Teo, Faing, Co Luimnigh – Ó Cuív
Is cúis áthais d'Éamon Ó Cuív, TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a fhógairt go bhfuil deontas de €22,833 ceadaithe aige do Chomharchumann Íde Naofa Teo, Faing, Co Luimnigh, mar chabhair dóibh chun chun íoc as caoi a chur ar dhíon linn snamha Choláiste Bhréanainn, Baile an Bhuinneánaigh, Co Chiarraí.
Coláiste cónaithe é Coláiste Bhréanainn ina reáchtáiltear cúrsaí Gaeilge do dhéagóirí sa samhradh chomh maith le cúrsaí do scoláirí lae. Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire: "Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil mo Roinnse in ann an maoiniú seo a chur ar fáil chun cabhrú le Comharchumann Íde Naofa Teo agus go leanfar le cúrsaí a reáchtáil sa gcoláiste seo in áit a bheidh sábháilte agus compordach."




