Baile Nuacht Preaseisiúintí €100,000 ceadaithe ag Ó Cuív d’Athnuachan Baile i gCo. Mhaigh Eo

€100,000 ceadaithe ag Ó Cuív d’Athnuachan Baile i gCo. Mhaigh Eo

Nuacht - Preaseisiúintí

Tá fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, go bhfuil deontais de €100,000 ceadaithe aige do Chomhairle Chontae Mhaigh Eo chun scéimeanna feabhsúcháin  a chur i gcrích i roinnt bailte i bParóiste Chill Chomáin, Co. Mhaigh Eo.  Tá na hoibreacha seo mar pháirt de phlean Fhóram Pobail Iarthuaisceart Mhaigh Eo ina bhfuil infhéistíocht de €750,000 beartaithe roimh dheireadh na bliana seo, mar a fógraíodh ar an 05/10/09.

 

Tá an t-airgead seo á cheadú chun cosáin choisithe, tírdhréachú, soilse agus feabhsúcháin ghaolmhara a dhéanamh sna bailte Inbhear, Poll an tSómais, Ros Dubhach, Corrán Buí agus Ceathrú Thaidhg/Ceathrú na gCloch.

Duirt an tAire Ó Cuív  go gcuirfear tús leis na tionscadail feabhsúcháin phobail seo go luath agus cuirfear i gcrích iad, den chuid is mó, in 2009.

Seo a leanas sonraí na n-oibreacha:

Áit

Sonraí na n-oibreacha

Costas iomlán

Deontas na Roinne

Inbhear

§          9 sholas a chur in áit ar an gcosán atá ann cheana féin ón eastát tithíochta ó thuaidh chomh fada leis an scoil;

§          Na sreanganna atá ann a chur faoi thalamh 550m

€35,000

€12,075

Poll an tSómais

§           12 sholas a chur in áit ar an gcosán atá ann cheana féin ón scoil chomh fada leis an oifig poist/eastát tithíochta;

§           Suíocháin a chur in áit chomh maith le tírdhreachú

€35,000

€12,075

Ros Dumhach

§           Cosán stroighne (1.5m ar leithead) a thógáil idir an scoil náisiúnta agus an meánscoil;

§           Tírdhréachú agus troscán sráide

€115,000

€39,625

Corrán Buí

§           Cosán 220m a thógáil idir an séipéal agus an ionad pobail;

§           6 sholas a chur ann;

§           Draenáil agus tírdhréachú, fad 210m

€70,000

€24,150

Ceathrú Thaidhg / Ceathrú na gCloch

§           Tírdhréachú a dhéanamh ar an triantán os comhair na seanscoile;

§           Áit phicnice a fhorbairt i gCeathrú na gCloch

€35,000

€12,075

IOMLÁN

 

€290,000

€100,000

Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Tel/Teil: 01 6473130 Fax/Facs: 01 6670826 087 7956378
Email/ Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie