Baile Nuacht Preaseisiúintí Ráiteas ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le táillí lastais ar sheirbhísí paisinéirí fóirdheonaithe chuig Oileáin Árann

Ráiteas ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le táillí lastais ar sheirbhísí paisinéirí fóirdheonaithe chuig Oileáin Árann

Nuacht - Preaseisiúintí

Ar iarratas ón Aire,  tionóladh cruinniú sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu, 17 Samhain 2009, chun plé a dhéanamh ar chinneadh Island Ferries Teo maidir le táillí lastais a ghearradh ar na seirbhísí paisinéirí fóirdheonaithe.  Bhí ionadaithe i láthair ón gCoiste Monatóireachta do thrí oileán Árann, ó Island Ferries Teo agus ón Roinn.

Aithníodh go raibh méadú mór tagtha ar an méid lastais a bhí á iompar ar na báid paisinéirí le tamall anuas agus go raibh gá a chinntiú nach mbainfí mí-úsáid as an tseirbhís atá á cur ar fáil ag Island Ferries Teo.

Chuige sin, bhí aontú ginearálta ann go mbeadh sé réasúnta go mbeadh cead ag paisinéirí suas go 50 kg a iompar saor ó chostas agus iad ag taisteal ar na seirbhísí fóirdheonaithe seo.



Issued by the Press & Information Office of the Dept. of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil:  01 647 3130 Fax/Facs: 01 6670826  Layla de Cogan Chin 087 6842755
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie