Ráiteas ón Aire Éamon Ó Cuív TD faoin Scéim Tacaíochta Pobail do Dhaoine Aosta
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 23 Samhain 2009
Tá dearbhaithe ag an Aire Éamon Ó Cuív T.D. go bhfuil an Scéim Tacaíochta Pobail do Dhaoine Aosta oscailte i gcomhair iarratas ainneoin tuairiscí le déanaí sa Connacht Tribune.
“Mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, tuigim go hiomlán tábhacht na scéime seo agus an gá atá ann go n-aireodh daoine sábháilte sa mbaile,” a dúirt sé. “Níos luaithe i mbliana cuireadh an scéim ar fionraí fad is a bhí athbhreithniú ar bun. Tá an scéim oscailte arís agus tá an-áthas orm go raibh mo chomhghleacaí John Curran TD, Aire Stáit i mo Roinnse, in ann deontais a fhógairt le déanaí do réigiún na Gaillimhe.
“Tá líon mór iarratas idir lámha agus táthar ag déileáil leo sin chomh tapaidh agus is féidir i láthair n a huaire.
“Ainneoin éilimh dá mhalairt ón bhfreasúra, bhí dianghá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an scéim agus tá an t-athbhreithniú sin anois críochnaithe. Seolfar an scéim nua, athbhreithnithe go luath sa bhliain nua agus bainfear luach ar airgead i bhfad níos fearr as an scéim sin. Chomh maith leis sin cinnteofar go bhfaighidh daoine na fearais slándála agus na haláraim phearsanta a bheidh ag teastáil uathu ón scéim.
“Ó cuireadh tús leis an scéim, tá sí ag brath ar dhea-thoil an phobail agus ba mhaith liom na daoine sin atá bainteach leis an scéim áirithe seo ar bhonn deonach a mholadh go hard.”




