DÍLÁRÚ GO GAOTH DOBHAIR AG TOSÚ - Fógraíonn Ó Cuív postanna i bhForas na Gaeilge le líonadh go luath
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 30 Samhain 2009
D'fhógair Éamon Ó Cuív, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, inniu go mbeidh Foras na Gaeilge ag earcú daoine d'fhonn 16 post san eagras a líonadh gan mhoill, faoi réir dheimhniú chomhréitigh sa Chúirt Oibreachais.
Lonnófar na poist sin i mBaile Átha Cliath agus i nGaoth Dobhair mar seo a leanas:
- 3 phost nua i mBaile Átha Cliath, eadhon, Príomhoifigeach Cúnta (Príomhthéarmeolaí) móide beirt Ardoifigeach Feidhmiúcháin
- 5 phost nua i nGaoth Dobhair, eadhon, Príomhoifigeach (Stiúrthóir Foilseachán, Foclóireachta agus Téarmeolaíochta), Príomhoifigeach Cúnta (Eagarthóir, an tAonad Foclóireachta), beirt Innealtóir Grád III (Eagarthóir Cúnta) móide Ardoifigeach Feidhmiúcháin, agus
- 8 bhfolúntas le dílarú go Gaoth Dobhair, eadhon, Innealtóir Grád II (Eagarthóir), triúr Innealtóir Grád III (Eagarthóirí Cúnta), Ardoifigeach Feidhmiúcháin, beirt Oifigeach Feidhmiúcháin móide Oifigeach Cléireachais.
Ag eascairt as comhréiteach a thángthas air sa Chúirt Oibreachais maidir leis na bhfolúntais atá le líonadh i nGaoth Dobhair, is féidir le foireann reatha an Fhorais atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath cur isteach ar na poist sin agus má bhíonn an rath orthu, beidh siad in ann feidhmiú sna poist sin i mBaile Átha Cliath ar bhonn pearsanta. Chuir an tAire in iúl go raibh sé an-sásta go raibh an Foras agus na Ranna cuí mar aon leis na ceardchumainn in ann teacht ar chomhréiteach sa chás seo ar chur chuige a shásóidh clár díláraithe an Rialtais i ndáil le Gaoth Dobhair agus a chuirfidh leas na foirne reatha san áireamh freisin.
Ag cur fáilte roimh an gcomhaontú, dúirt an tAire, "Mar áisínteacht de chuid an Fhorais Teanga, a bunaíodh ar 2 Nollaig 1999 nuair a tháinig an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 i bhfeidhm, is é an sainordú atá ag Foras na Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann. Is cúis áthais dom mar sin go bhfuil comhaontú faighte maidir le cúrsaí foirne mar go gcuirfidh sé ar chumas an Fhorais láidriú iontach a dhéanamh ar na seirbhísí Gaeilge a chuireann sé ar fáil."
Tuigtear go mbeidh na poist á bhfógairt ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go luath.
Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Rural & Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 667 0826 Layla de Cogan Chin 087 6842755
Email / Ríomhphost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Web/Gréasán: www.pobail.ie




