Ráiteas ón Aire Éamon Ó Cuív TD maidir le caiteachas ar an gclár LEADER
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 01 Nollaig 2009
I ráiteas a d’eisigh an tAire Éamon Ó Cuív T.D., dúirt sé go raibh sé fíorthábhachtach go gceadódh Comhar na nOileán Teo. agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta tograí chomh sciobtha agus is féidir faoin gclár LEADER.
Dúirt an tAire Ó Cuív go bhfuil €2,690,000 curtha ar fáil do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta le haghaidh tograí ach nach bhfuil ceadaithe go dáta acu ach luach €544,000 de thograí. “Fágann sé sin luach €2m de thograí gur féidir le Meitheal Forbartha na Gaeltachta a cheadú láithreach nó 80% den airgead atá curtha ar fáil le haghaidh tograí do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta go dtí seo,” a dúirt an tAire. “Go deimhin féin, ó thosaigh an clár LEADER tá €392,000 curtha ar fáil don chlár LEADER le haghaidh cúrsaí riaracháin, cé nach bhfuil ach luach €544,00 de thograí ceadaithe.
“Maidir le Comhar na nOileán, tá €640,000 curtha ar fáil le haghaidh tograí ach níl ceadaithe go dáta ach luach €88,000. Fágann sé sin €551,000 atá fós ar fáil le haghaidh tograí a cheadú. €162,000 atá curtha ar fáil le cúrsaí riaracháin go dáta.
“Tá súil agam anois go dtosóidh an pobal ag cur iarratais isteach ag na comhlachtaí LEADER le haghaidh tograí éagsúla pobail agus príobháideacha agus go mbainfear leas as an airgead atá ar fáil. Níos mó ná riamh, tá gá le forbairt tuaithe agus tá deis iontach anois forbairt tuaithe a bhrú chun cinn faoin gclár LEADER. Nuair a bheas an t-airgead atá curtha ar fáil do na comhlachtaí LEADER ceadaithe agus caite, ceadófar breis maoinithe do na comhlachtaí.”




