Baile Nuacht Preaseisiúintí Áitíonn Ó Cuív ar mhuintir Chonamara iarratais a dhéanamh ar thionscadail le Forum Connemara

Áitíonn Ó Cuív ar mhuintir Chonamara iarratais a dhéanamh ar thionscadail le Forum Connemara

Nuacht - Preaseisiúintí

Tá ráite ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go raibh an-áthas air a bheith ábalta €1.5m a chur ar fáil do Forum Connemara chun tionscadail a cheadú faoi bhabhta reatha LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe 2007-2013.  “Go dtí seo, tá tionscadail ar fiú €127,000 iad ceadaithe ag Forum Connemara,” a dúirt sé.  “Ciallaíonn sé sin go bhfuil €1.378m ar fáil acu láithreach chun tionscadail a cheadú.”

Tá an tAire Ó Cuív ag áitiú ar mhuintir cheantar Chonamara (clúdaíonn Forum Connemara an ceantar taobh amuigh de Ghaeltacht Chonamara, na hoileáin as an áireamh) iarratais a dhéanamh a luaithe is féidir le Forum Connemara le go n-úsáidfear an t-airgead atá ar fáil chomh tapaidh agus is féidir.  Is féidir an t-airgead seo a úsáid do réimse leathan tionscadal ó thionscadail phobail go forbairtí príobháideacha gnó. 

Go dtí seo, faoi ghné LEADER den Chlar Forbartha Tuaithe 2007-2013, tá €160,000 curtha ar fáil do Forum Connemara chun an clár a riar.