Fógraíonn an tAire Ó Cuív maoiniú d’Aerfort na Gaillimhe
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 08 Nollaig 2009
D’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltacht, Éamon Ó Cuív TD inniu go bhfuil maoiniú breise d’aerfort na Gaillimhe ceadaithe ag an Rialtas le haghaidh 2009.
“Tá an-áthas orm go bhfuil an maoiniú breise seo de €344,619 faoin bhFóirdheontas Oibríochta d’Aerfoirt Réigiúnda ceadaithe d’Aefort na Gaillimhe,” a dúirt an tAire Ó Cuív. “Bhí breis agus €900,000 iarrtha ag an aerfort do 2009 agus bhí maoiniú €617,381 tugtha ag an Rialtas dóibh cheana don bhliain seo.”




