Baile Nuacht Preaseisiúintí Ráiteas ón Aire Éamon Ó Cuív agus ón Aire Stáit John Curran, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Cáinaisnéis 2010

Ráiteas ón Aire Éamon Ó Cuív agus ón Aire Stáit John Curran, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Cáinaisnéis 2010

Nuacht - Preaseisiúintí

Tá ollmhaoiniú don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag €415.426m in 2010 laghdaithe 13% ina iomláine i gcoibhneas le leithdháileadh €475.701m 2009.  Tá maoiniú reatha laghdaithe 9%, laghdú de €32.1m, agus tá maoiniú caipitil laghdaithe 21%, laghdú de €28.175m.

Is í an chloch is mó ar ár bpáidrín ná gach iarracht a dhéanamh chun a chinntiú go gcosnaítear na seirbhísí laethúla túslíne a chuirtear ar fáil tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go háirithe na seirbhísí sin atá dírithe ar riachtanais na bpobal sin is mó atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta.

Coinneofar leis an gcúram gach coigilt is féidir a bhaint amach trí ghearradh siar ar fhorchostais ionas go gcoinneoidh an raon uile pobal uirbeach, tuaithe, Gaeltachta agus oileán, ar a fhreastalaímid, na seirbhísí cuimsitheacha atá forbartha i gcomhpháirt leo thar na mblianta.

Forbairt Pobal (Fotheidil B.1-B.7)      €140.908m (-14%)
Cé go mbeidh éifeacht ag an gciorrú foriomlán de 14% ar chláir, déanfaidh an Roinn gach iarracht seirbhísí túslíne a chosaint chomh fada agus is féidir é. Ba chóir go gcuideodh leithdháileadh 2010 le tacaíocht leanúnach a thabhairt do phobail trí chláir forbartha pobail agus áitiúil, tacaí d’obair dheonach, do ghrúpaí áitiúla pobail agus deonacha, agus an Clár Seirbhísí Pobail.

Tabharfar isteach Scéim athbhreithnithe Tacaíochta Pobail do Dhaoine Aosta go luath sa bhliain nua, tar éis athbhreithniú a bheith déanta uirthi in 2009, agus cuirfear trealamh slándála ar fáil do bhreis agus 9,000 duine aosta.  Leanfaidh thart ar 64 eagraíocht ag fáil maoiniú faoin Scéim chun Tacú le hEagraíochtaí Náisiúnta san Earnáil Phobail agus Dheonach, chomh maith leis an 21 ionad oibrithe deonacha agus tionscnaimh eile a bhaineann le hobair dheonach.

Cuirfidh an leithdháileadh seo maoiniú ar fáil chun daoine a choinneáil i bhfostaíocht in thart ar 450 tionscadal pobail faoin gClár Seirbhísí Pobail (CSP).  Coinneofar leibhéil fostaíochta ag na leibhéil reatha trí iarraidh ar thionscadail breis acmhainní a bhaint amach trína gcuid oibriúchán.

Beidh leithdháileadh 2010 ar fáil i gcomhar le cur i bhfeidhm an Chláir nua comhtháite Forbartha Pobail agus Áitiúil. É sin ráite, táthar ag súil go suífidh go leor den choigeartaithe isteach sa laghdú ar chostais riaracháin agus choimhdeacha atá ar bun cheana féin. Leanfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag díríú ar sheirbhísí túslíne a chosaint agust táthar sásta nach mbeidh táirgeachtaí 2010 mórán faoi bhun tháirgeachtaí 2009.

Dul i nGleic le Mí-Úsáid Drugaí (Fotheideal C)  €36.2m  (-11%)
Tá an soláthar €36.2m á chur ar fáil i gcomhthéacs na Straitéise nua Náisiúnta Drugaí. Cé go gciallóidh an maoiniú seo go bhféadfar líon suntasach tionscadal sna Tascfhórsaí Áitiúla agus Réigiúnacha Drugaí a choinneáil, d’fhéadfadh go mbeadh ciorrú ar roinnt tionscadal mar thoradh ar an laghdú.  Beidh an Roinn ag iarraidh seirbhísí túslíne a chosaint chomh mór agus is féidir. Beidh an scóp do thionscnaimh nua a bhfuil baint acu leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí 2009-2016, a seoladh le déanaí, teoranta.

Forbairt Tuaithe (Fotheidil D1-D6)   €101.627m  (-1%)
Cinnteoidh leithdháileadh 2010 go ndéanfar infheistíocht leanúnach sa Scéim Sóisialta Tuaithe agus i ngníomhaíochtaí Áineasa Tuaithe. Meastar go mbeidh dóthain sa leithdháileadh de thart ar €46.418m don Scéim Sóisialta Tuaithe chun gníomhaíocht a choinneáil ag an leibhéal reatha de 2,600 rannpháirtí. Cuireann an scéim seo ioncam breise ar fáil do theaghlaigh feirmeoirí agus iascairí atá ar ioncam íseal, agus cuirtear seirbhísí ar fáil don phobal áitiúil ag an am céanna.

Tá beagnach €50m á chur ar fáil do bhearta caipitil Forbartha Tuaithe in 2010, ardú 4% ar leibhéal maoinithe 2009.  Cuimsíonn sé seo maoiniú leanúnach ar CLÁR, ar ghníomhaíochtaí Áineasa Tuaithe agus ar Scéimeanna Forbartha Tuaithe, chomh maith le maoiniú atá méadaithe go suntasach don Chlár Forbartha Tuaithe d’Éirinn 2007-2013 (LEADER) atá cómhaoinithe ag an AE. 

Forbairt na Gaeltachta agus na nOileán (Fotheidil E1-E10)  €62.501m (-27%)
Tá maoiniú de thart ar €62.5m á chur ar fáil don Ghaeltacht in 2010.  Cuimsíonn sé seo leithdháileadh de thart ar €30.5m d’Údarás na Gaeltachta chun cur ar a chumas leanúint lena chuid oibre i gcruthú deiseanna fostaíochta i gceantair Ghaeltachta agus i bhforbairt scileanna mhuintir na Gaeltachta ionas go mbeidh siad ábalta an leas is fearr a bhaint as na deiseanna fostaíochta atá ar fáil.

Tá maoiniú caipitil de thart ar €33m (lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta) á chur ar fáil don Ghaeltachta agus do na hOileáin in 2010 chun cur le forbairt infreastruchtúir ar na hoileáin amach ón gcósta agus sa Ghaeltacht. Cinnteoidh an leithdháileadh seo go leanfar le hoibreacha a théann i ngleic le heaspaí infreastruchtúrtha sa Ghaeltacht, lena n-áireofar infheistíocht in oibreacha muirí, feabhsúcháin ar bhóithre agus scéimeanna uisce. Chomh maith leis sin, cuideoidh an maoiniú seo le cur i gcrích na forbartha ar chalafort Chill Rónáin, an tionscadal caipitil is mó ar thug an Roinn faoi riamh. Cuirfear an t-aerstráice ar an gClochán i gcrích freisin agus, mar thoradh air, beifear ábalta aersheirbhís sciatháin dhobhogtha a chur ar fáil go hInis Bó Finne amach anseo. Tá €5.7m breise i gcaiteachas reatha á chur ar fáil chun go leanfar ag tacú le seirbhísí rochtain tarrthála do phobail na n-oileán.

Cur chun Cinn & Caomhnú na Gaeilge (F1-F2)   €6.591m (-30%)
Cinnteoidh an maoiniú seo tacaíocht leanúnach do chláir forbartha teanga faoi Chiste na Gaeilge agus don Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge d’institiúidí tríú leibhéal chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo taobh amuigh den Ghaeltacht agus chun forbairt a dhéanamh ar an gcaidre de dhaoine cáilithe ionas gur féidir na dualgais a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre ag leibhéal an AE a chomhlíonadh. Cuideoidh an soláthar freisin le hoibriúcháin an Choimisinéara Teanga. Tá maoiniú caipitil de €0.6m á chur ar fáil chun cuidiú le forbairt ionaid shóisialta agus chultúrtha Gaeilge sna príomhcheantair uirbeacha.

Comhoibriú Thuaidh-Theas (Fotheidil G1-G3)    €52.99m (-4%)
Tá maoiniú do na hinstitiúidí Thuaidh-Theas á choinneáil ag na leibhéil reatha. Beidh na buiséid seo faoi réir fhaomhadh na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas in am trátha.

Tá maoiniú caipitil de bheagnach €9m á chur ar fáil faoi fhotheidil G1 An Foras Teanga, G2 Uiscebhealaí Éireann agus G3 An Clár um Shíocháin agus Athmhuintearas/INTERREG. Cuideoidh formhór an chaiteachais (€8m) le cothabháil agus athchóiriú leanúnach uiscebhealaí intíre na hÉireann, rud a chuirfidh le rochtain áineasa fad bealaí na n-uiscebhealaí. Ba chóir go gcuideodh an caiteachas seo le breis cuairteoirí a mhealladh ó thar lear agus le gnóthaí agus athfhorás a spreagadh sna ceantair seo.

Tá leithdháiltí don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta de réir fotheideal ar fáil i Leabhar na Meastachán, lth. 27.


Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Rural & Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 667 0826  Layla de Cogan Chin 087 6842755
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie