“Tá Calafort na Gaillimhe agus Stáisiún Cheannt ar na forbairtí is suntasaí sa chathair le blianta fada anuas” – an tAire Éamon Ó Cuív TD
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Máirt, 15 Nollaig 2009
Tá sé ráite ag an Aire Éamon Ó Cuív TD gurb iad Calafort na Gaillimhe agus Stáisiún Cheannt na forbairtí is suntasaí sa chathair le blianta fada anuas.
“Creidim go bhfuil sé fíorphráinneach anois go mbrúfaí ar aghaidh le forbairt an cheantair taobh istigh de Chalafort na Gaillimhe agus le forbairt Stáisiún Cheannt chomh tapaidh agus is féidir agus go gcinnteoidh muid go mbainfidh muid plean soiléir agus forbairt ar ardchaighdeán amach,” a dúirt an tAire.
“Ní amháin go mbeidh teacht níos éasca ar Ghaillimh nuair a chríochnófar an mótarbhealach as Gaillimh go Baile Átha Cliath an tseachtain seo, ach cuirfidh sé le hiomaíocht ár réigiún i gcomhthéacs na heacnamaíochta domhanda. Cuirfidh athchóiriú na seirbhísí traenach, an t-iarnród idir Gaillimh agus Luimneach a athosclófar go luath agus na seirbhísí traenach go Tuaim borradh faoinár seirbhísí iompair phoiblí. Beidh an fhorbairt ar Stáisiún Cheannt agus ar cheantar an chalafoirt in ann leas a bhaint as an uasghrádú seo ar na bealaí isteach go Gaillimh, agus is é an chéad gheata suntasach eile é ó thaobh poist nua dár réigiún.
“Bunaíodh Cathair na Gaillimhe nuair a bhí na farraigí ag feidhmiú mar mhótarbhealaí idir seo agus mór-roinn na hEorpa. Tá tuairiscí sa stair áitiúil faoin gcuairt a thug Criostóir Columbus ar Ghaillimh cúpla bliain sular tháinig sé ar an domhan nua. Cúpla céad bliain ina dhiaidh sin, léirigh an chuairt a thug Rás Aigéin Volvo ar Ghaillimh, ar a bhealach as Meiriceá Thuaidh, na deiseanna iontacha atá ar fáil dúinn ach an Chathair a bhogadh arís i dtreo na farraige.
“An samhradh seo caite agus Rás Aigéin Volvo i nGaillimh, ba léir dúinn uile na féidearthachtaí móra a bhain leis an gcalafort ó thaobh caitheamh aimsire ar an bhfarraige agus freisin mar amfaitéatar nádúrtha. Ní mór d’aon fhorbairt ar cheantar an chalafoirt na gnéithe tábhachtacha seo a chaomhnú. Níor mhór don fhorbairt fís shoiléir a bheith aici do thodhchaí na cathrach agus a chinntiú go mbeadh ceantar an chalafoirt ina pháirt riachtanach de lár na cathrach. Ba cheart go mbeadh sé ina pháirt lárnach den chathair ina mbeadh forbairtí cultúrtha agus áineasa ar nós caiféanna, plásóga agus áiseanna cultúrtha agus go mbeadh cothromaíocht ann ó thaobh forbairtí tráchtála, cónaitheacha agus miondíola.
“Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtarraingeoidh muintir na Gaillimhe ar fad le chéile ar fhorbairt an chalafoirt. Mar Aire Rialtais i gCathair na Gaillimhe, beidh mise go cinnte ag obair leis na páirtithe leasmhara ar fad, lena n-áirítear comhghleacaithe polaitiúla, chun iarracht a dhéanamh a chinntiú go gcuirfear an tionscadal áirithe seo i gcrích go tapaidh agus de réir phlean comhaontaithe.”




