Baile Nuacht Preaseisiúintí “COSNAÍONN CÁINAISNÉIS 2010 CEANTAR TUAITHE NA hÉIREANN” – Ó CUÍV

“COSNAÍONN CÁINAISNÉIS 2010 CEANTAR TUAITHE NA hÉIREANN” – Ó CUÍV

Nuacht - Preaseisiúintí

Inniu, dúirt Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, gur ráiteas soiléir an Cháinaisnéis de chuspóir an Rialtais seirbhísí a sholáthar agus a fhorbairt faoin tuath in Éirinn.

“Níl an réimse leathan moltaí ceannlíne a bhí i dTuarascáil Mhic Cárthaigh, agus a mbeadh tionchar diúltach acu ar cheantar tuaithe na hÉireann, curtha i bhfeidhm,” a dúirt Ó Cuív.  “Tá an Rialtas fós tiomanta do cheantar tuaithe na hÉireann; tá sé seo soiléir ó na cinntí a glacadh sna réimsí sin is mó a mbeidh tionchar acu ar na pobail agus ar na daoine atá ina gcónaí i gceantair tuaithe.”

Ina measc sin tá:

Iompar
Tá an scéim iompair tuaithe á coinneáil le maoiniú de €11m, an méid céanna a cuireadh ar fáil in 2009.

Aerfoirt Réigiúnacha
Tá an maoiniú reatha do na haerfoirt réigiúnacha mar a chéile in 2010 ag €16.926m. 

Talmhaíocht, Iascach agus Bia
I Meastacháin na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia tá soláthar déanta do Scéim nua do Chosaint na Timpeallachta Tuaithe (REPS) le huasíocaíocht €5,000.  Freastalóidh sé sin ar fheirmeoirí atá ag fágáil Scéim REPS 3.  Tá an uasíocaíocht €5,000 i bhfad níos mó ná an méid a luadh níos luaithe sa bhliain agus tabharfaidh sé seo faoiseamh mór d’fheirmeoirí.  Chomh maith leis sin, d’ainneoin moltaí a rinneadh i dTuarascáil Mhic Cárthaigh, ní dhéanfar aon chiorrú breise ar Íocaíochtaí Cinn agus tá Scéim na mBó Diúil coinnithe.  Is é €550m an soláthar iomlán do na scéimeanna seo in 2010.

Oideachas
Tá an cinneadh déanta scoileanna beaga tuaithe a choinneáil agus ní bheidh aon athrú ar an gcóimheas daltaí/múinteoirí.

Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
D’ainneoin moltaí i dTuarascáil Mhic Cárthaigh deireadh a chur leis an Scéim CLÁR, tá an scéim seo á coinneáil.  Tá maoiniú méadaithe curtha ar fáil freisin do Chlár LEADER agus tá €111m in iomlán curtha ar fáil d’fhorbairt tuaithe in 2010, i gcomparáid le meastachán de €102m in 2009.

Issued by the Press & Information Office of the Dept. of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil:  01 647 3130 Fax/Facs: 01 6670826  Layla de Cogan Chin 087 6842755
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie