“Cinnteoidh rannpháirtíocht an phobail áitiúil go n-éireoidh le clár RAPID i Ráth Caola” - Ó Cuív
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Dé Luain, 11 Eanáir 2010
Tionólfaidh Éamon Ó Cuív TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, cruinniú eolais phoiblí faoin gClár RAPID i Ráth Caola, Co. Luimnigh, amárach (Dé Máirt 12/01/10). Cuireadh Ráth Caola agus ceithre bhaile eile (Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo; Dún Garbhán, Co. Phort Láirge; Inis Córthaidh, Co. Loch Garman; agus An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí) san áireamh i gClár RAPID le déanaí. Is tionscnamh spriocdhírithe Rialtais é RAPID (Revitalising Areas by Planning, Investment and Development) chun díriú ar an 51 pobal is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír.
Ag labhairt dó inniu roimh an gcruinniú poiblí, dúirt an tAire Ó Cuív go bhfuil sé ag súil go mbeidh go leor daoine ón bpobal áitiúil i láthair mar go gcreideann sé go mbeidh rannpháirtíocht an phobail ríthábhachtach má tá rath le bheith ar an gClár i Ráth Caola.
“Is gnéithe lárnacha den Chlár RAPID iad rannpháirtíocht an phobail agus úinéireacht áitiúil,” a dúirt sé. “Is ag baill an phobail atá an tuiscint is fearr faoi céard é an bealach is éifeachtaí agus is oiriúnaí le dul i ngleic lena gcuid fadhbanna féin agus tá mé ag súil go mór le tuairimí agus smaointe mhuintir Ráth Caola a chloisteáil amárach.
“Tá mé cinnte go mbainfidh gach duine a bheidh bainteach leis leas as an seisiún agus tá áthas orm a fhógairt go mbeidh ionadaí ó Fhoireann Fhorfheidhmithe Ceantair RAPID as Baile Thiobraid Árann, ceantar RAPID atá cosúil le Ráth Caola, i láthair freisin chun ceisteanna a fhreagairt agus chun an taithí atá acu ar an talamh i dTiobraid Árann a roinnt. Beidh léargais phearsanta ar an bpraiticiúlacht a bhaineann le tionscadail rathúla a reáchtáil an-luachmhar do mhuintir Ráth Caola.
“Tá an Rialtas seo chomh tiomanta is a bhí riamh do thacaíocht a thabhairt do na daoine sin is mó a mbíonn sí ag teastáil uathu, dóibh siúd is mó atá i mbaol agus dóibh siúd is mó atá scoite amach go sóisialta i bpobail na tíre seo. Is tosaíocht í seo. Leanfaidh muid le dul i ngleic le míbhuntáiste sóisialta ar an t-aon bhealach a oibríonn sa bhfadtéarma: gníomh dearfach agus rannpháirtíocht láidir ón bpobal. Tá bóthar fada amach romhainn. Níl sé ceart nach féidir le gasúir, atá ag fás aníos i gceantair áirithe sa tír seo, bheith ag súil an leibhéal céanna oideachais a bhaint amach, nó na deiseanna céanna fostaíochta a bheith ar fáil dóibh, le gasúir ar an aois chéanna leo atá ina gcónaí i gceantair eile. Leanfaidh muid ar aghaidh lenár n-iarrachtaí comdheiseanna a bhaint amach dár gcuid gasúr ar fad.”
Nóta don Eagarthóir:
Tá rannpháirtíocht an phobail agus úinéireacht áitiúil ina ngnéithe lárnacha den Chlár RAPID, a dhíríonn isteach ar na 51 ceantar is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír.
- Tá RAPID tar éis clóis spraoi, ionaid phobail, áiseanna spóirt, feabhsúcháin ar eastáit tithíochta, bearta moillithe tráchta agus trealamh a raibh géarghá leis, a chur ar fáil do phobail RAPID;
- Tugann an Clár deis do phobail tionscadail agus tionscnaimh nuálacha a fhorbairt ina gceantar féin;
- Tá éirithe go maith le comhtháthú seirbhísí i limistéir RAPID agus comhcheanglaíonn go leor tionscadal nuálach gníomhaireacht amháin nó níos mó as an earnáil phobail, dheonach nó stáit chun éifeachtacht níos fearr a bhaint amach;
- Is féidir leis an bhFoireann Forfheidhmithe Áitiúil i ngach limistéar RAPID maoiniú agus acmhainní pobail a dhíriú ar shaincheisteanna atá sainaitheanta ag a bpobal féin agus, mar sin, is féidir réitigh níos réalaíocha a fhorbairt ar fhadhbanna ar leith a bhíonn le sáru ag pobail ar leith;
- Tá RAPID nasctha leis na húdaráis áitiúla agus, mar sin, tá seasamh maith aige chun comhpháirtíochtaí a fhorbairt le pobail áitiúla, le heagraíochtaí pobail agus deonacha agus le gníomhaireachtaí stáit.
Tá tuilleadh eolais faoi RAPID ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne, www.pobail.ie.
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 667 0826 Layla de Cogan Chin 087 6842755
Email / Ríomhphost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Web/Gréasán: www.pobail.ie




