Baile Nuacht Preaseisiúintí Ceadaíonn Ó Cuív breis tionscadal faoi Scéim Chomharthaí Dátheangacha CLÁR

Ceadaíonn Ó Cuív breis tionscadal faoi Scéim Chomharthaí Dátheangacha CLÁR

Nuacht - Preaseisiúintí

Inniu, cheadaigh Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, maoiniú de €9,594.26 do 5 thionscadal faoi Scéim Chomharthaí Dátheangacha CLÁR. Cuireann an scéim maoiniú ar fáil chun comharthaí príobháideacha, pobail agus bailte fearainn dátheangacha, a chur in airde.

Cuirtear airgead ar fáil trí chómhaoiniú cothrom idir CLÁR agus ranníocaíocht phríobháideach/phobail áitiúil, faoi réir uasmhéid €2000 per tionscadal ó CLÁR do chomharthaí Sráidbhailte/Bailte Fearainn agus €1000 per tionscadal ó CLÁR do chomharthaí Príobháideacha Sráidbhailte. Ciallaíonn sé sin go mbeifear in ann oibreacha ar fiú  €29,568.74 ar fad iad a chur i gcrích leis an maoiniú tacaíochta seo as CLÁR.

Fágann an infheistíocht is déanaí seo sa Scéim Comharthaí Dátheangacha go bhfuil maoiniú iomlán €384,000 ceadaithe faoin mbeart CLÁR seo ó 2002 i leith, agus tá 171 tionscadal ar fud na tíre tar éis leas a bhaint as.

“Tugann an spiorad pobail atá fós le feiceáil, ainneoin an lagtrá eacnamaíochta atá ann faoi láthair, misneach i gcónaí dom. Tá an spiorad pobail seo soiléir ón úsáid leanúnach a bhaineann daoine as an scéim seo agus as scéimeanna eile faoi CLÁR a dhíríonn ar phobail tuaithe na hÉireann,” a dúirt Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

 
An Cabhán
Bailte Slachtmhara Bhéal Tairbirt
Costas Iomlán: €3,652.29
Ranníocaíocht CLÁR: €1,826.14

Corcaigh
Coiste na mBailte Slachtmhara
Costas Iomlán: €10,220.00
Ranníocaíocht CLÁR: €2,000.00 
 
Liatroim
Glór Chluainín
Costas Iomlán: €6,280.00
Ranníocaíocht CLÁR: €2,000.00
 
Ionad Acmhainní Pobail Dhroim ar Snámh
Costas Iomlán: €3,121.25
Ranníocaíocht CLÁR: €1,560.62
 
Gaeil Loch Meilbhe CLG
Costas Iomlán: €415.20
Ranníocaíocht CLÁR: €207.50
 
Maigh Eo
Cumann Forbartha an Treana Láir
Costas Iomlán: €5,880.00
Ranníocaíocht CLÁR: €2,000.00
 

Costas Iomlán: €29,568.74
Ranníocaíocht CLÁR: €9,594.26

Nóta don Eagarthóir
Is clár infheistithe é an scéim CLÁR atá dírithe ar cheantair tuaithe a d’fhulaing ísliú níos mó ná 35% i ndaonra idir 1926 agus 2002.  Clúdaíonn an clár codanna de 22 contae agus Co. Liatroma ar fad agus baineann daonra de bheagnach 727,000 leas as. Clúdaíonn scéimeanna CLÁR éagsúlacht mhaith forbairtí, ar nós bóithre, soláthar uisce, diúscairt séarachais, sláinte, feabhsú scoileanna, tiontú leictreachais agus tionscadail chósta, spóirt agus phobail.

Ceantair a ndírítear isteach orthu faoin gclár CLÁR:

Codanna de: Ceatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Dún na Gall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobráid Árainn, Port Láirge, an Iarmhí, Cill Mhantáin agus Liatroim ar fad.

 

Issued by the Press & Information Office at the Dept. of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Tel/Teil: 01 6473130 Fax/Facs: 01 6473215 087 7956378
Email/ Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie