Molann Ó Cuív an bealach a ndeachaigh an Scéim Sóisialta Tuaithe i ngleic le fadhbanna a bhain leis an drochaimsir i bpobail tuaithe ar fud na tíre
Scríofa ag Eamon Ó Cuív Déardaoin, 21 Eanáir 2010
Inniu, ghlac Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, buíochas le rannpháirtithe uile na Scéime Sóisialta Tuaithe (SST), lena gcuid maoirseoirí agus le bainisteoirí na gComhlachtaí Forbartha Áitiúla as an obair shuntasach a rinne siad ina gcuid pobal tuaithe chun dul i ngleic le fadhbanna a bhain leis an drochaimsir a bhí againn le déanaí agus as an gcúnamh leanúnach atá siad ag tabhairt sna ceantair sin atá buailte go fóill.
Bhí sé seo ar cheann de na tréimhsí ba mheasa drochaimsire ó sheol an tAire an Scéim Sóisialta Tuaithe in 2004 agus tá an-áthas air gur baineadh úsáid chomh fiúntach as acmhainní na Scéime chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhí ag daoine ar fud na tíre.
“Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt dóibh siúd ar fad a thug cúnamh le dul i ngleic leis na riachtanais éigeandála a tháinig chun cinn ina bpobal le linn na drochaimsire,” a dúirt an tAire Ó Cuív.
“Thug an 2,600 rannpháirtí sa Scéim Sóisialta Tuaithe tús áite do chúnamh a thabhairt dóibh siúd is mó a bhí i mbaol agus is mó a bhí scoite amach ina gceantar, go háirithe seandaoine. Chuidigh siad ar bhealaí éagsúla, ar nós grean a chur ar chosáin coisithe agus in eastáit tithíochta; adhmad a ghearradh agus a thabhairt ó dhoras go doras; uisce a sholáthar agus tancanna uisce a líonadh dóibh siúd nach raibh aon uisce acu; earraí grósaera a cheannach agus a thabhairt ó dhoras go doras; oidis leighis a phiocadh suas; agus i gceantair áirithe, cuairt a thabhairt ar dhaoine a bhí ina gcónaí amuigh astu féin.”
Ghlac an tAire Ó Cuív buíochas freisin le daoine eile a bhí ag tabhairt cúnaimh le déanaí.
“Ba mhaith liom moladh a thabhairt freisin do thiománaithe na mbusanna sa Scéim Iompair Tuaithe agus do na daoine eile ar fad a thug cúnamh do rannpháirtithe na Scéime Sóisialta Tuaithe le hearraí grósaera, béilí, oidis leighis agus earraí riachtanacha eile a thabhairt ó dhoras go doras. Léiríodh an-spiorad pobail agus tháinig daoine le chéile le cúnamh a thabhairt ar go leor bealaí difriúla. Cuireann sé ríméad orm a fheiceáil go dtugtar tús áite don tuiscint, don chroíúlacht agus don dea-mhéin dóibh siúd is mó a bhíonn i mbaol inár bpobal nuair a tharlaíonn éigeandáil náisiúnta.
“Tagann an méid atá bainte amach ag an Scéim Sóisialta Tuaithe le linn na ndúshlán seo as dhá ghné fiúntach den Scéim. Ar dtús báire, is Scéim í seo atá bunaithe go háitiúil agus is féidir feidhm a bhaint aisti ar bhealach solúbtha chun dul i ngleic le tosaíochtaí áitiúla. Freisin, tá an Scéim bunaithe ar leas a bhaint as scileanna an phobail feirmeoireachta agus chinntigh sé seo go raibh rannpháirtithe na Scéime in ann cúnamh a thabhairt dá gcuid comharsan fiú amháin ag na hamanna ba mheasa a bhí an aimsir. Arís, ba mhaith liom mo bhuíochas, agus buíochas na bpobal tuaithe ar fad ar fud na tíre, a ghabháil leo siúd a raibh baint acu leis an iarracht iontach seo.”
Féach ar an liosta faoi iamh, le do thoil, chun sonraí a fháil maidir leis an obair a rinne rannpháirtithe na SST ar fud na tíre. Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Sóisialta Tuaithe ar fáil ar www.pobail.ie.
Eisithe ag Oifig Preasa agus Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Tel/Teil: 01 6473130 Fax/Facs: 01 6473215 Layla de Cogan Chin 087 6842755
Email/ Ríomhphost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Web/Gréasán: www.pobail.ie
---
ÚSÁID OIBRITHE NA SCÉIME SÓISIALTA TUAITHE (SST)
Avondhu/An Dubhabhainn (Tuaisceart Chorcaí)
Bhí an-áthas ar rannpháirtithe gur glaodh orthu chun cúnamh a thabhairt agus bhí siad tosaithe i mbun oibre sula ndeachthas i dteagmháil leo. Chuathas i dteagmháil leis an gclár Community Connect agus chuir siad acmhainní ar fáil. Bhí baint ag rannpháirtithe na SST le:
- siopadóireacht a dhéanamh do chomharsana nach raibh in ann a dtithe a fhágáil
- uisce a chur ar fáil do thithe nach raibh aon uisce iontu
- gaineamh a chur ar na cosáin timpeall ar thithe na gcomharsan
- seachadadh breosla chucu siúd a raibh sé ag teastáil uathu.
Bealach Abhra
Cuireadh na grúpaí pobail ar fad ar an eolas agus cuireadh fógra sa nuachtán áitiúil go raibh rannpháirtithe na SST ar fáil chun cúnamh a thabhairt le linn géarchéim na haimsire. I measc na ndualgas a comhlíonadh bhí siopadóireacht, bailiú oideas leighis agus ag cinntiú go raibh dóthain uisce ag daoine aosta agus daoine a raibh sé ag teastáil uathu.
An Cabhán-Muineachán
Bhí baint ag rannpháirtithe na SST sa Chabhán agus i Muineachán le trí dhualgas ar leith:
- scaipeadh grin in áiteanna poiblí, go háirithe taobh amuigh de shéipéil, d’ionaid pobail, de pháirceanna spóirt (ábhar curtha ar fáil ag na húdaráis áitiúla)
- cóireáil agus glanadh cosán coisithe
- ag tabhairt cuairte ar dhaoine aosta sa cheantar agus ag déanamh jabanna beaga dóibh (cuairt nó dhó ar chaon teach, go ginearálta).
Forbairt Áitiúil an Chláir
Ag tabhairt cúnaimh do dhaoine aosta agus dá bpobal ar roinnt bealaí le linn na haimsire fuaire, ag tabhairt beatha do bha dhaoine aosta, ag ceannach earraí grósaera agus breosla, ag cinntiú go raibh dóthain uisce ag daoine aosta, agus ag tabhairt cúnaimh le grean a chur ar fhobhóithre áitiúla.
Dún na nGall (Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall)
Ag cur grin ar chosáin agus in eastáit tithíochta le hábhar a chuir Comhairle Contae Dhún na nGall ar fáil, e.g. i Ráth Bhotha, Ráth Maoláin, Bealach Féich/Srath an Urláir agus i Leitir Ceanainn.
Co. Dhún na nGall (An Ghaeltacht - Údarás na Gaeltachta)
Scéim 1 & 2 Dheisceart Dhún na nGall
- Grean ar chosáin sna sráidbhailte, timpeall ar an ionad pobail agus sa reilig ar an gCarraig, i nGleann Cholm Cill agus i gCill Charthaigh
- Grean ar bhóithre chomh fada le tithe daoine atá ag brath ar Chúntóir Baile
- Ag tabhairt cuairte ar dhaoine aosta in áiteanna iargúlta.
Gaoth Dobhair and Na Rosann
- Ag cur grin ar bhealach chúl an Earagail ar na cúlbhóithre timpeall ar Dhún Lúiche
- Ag glanadh agus ag cur grin ar charrchlós an ionaid pobail agus ar na bealaí isteach chuig Dún Lúiche.
Cloich Chionnaola
- Ag cur grin ar an mbóthar chomh fada leis na Tithe Gloine
- Ag cur caoi ar phíopaí pléasctha.
An Clochán Liath
- Ag cur grin timpeall ar na scoileanna, ar an ionad pobail agus ar an ionad lae
- Ag tabhairt earraí grósaera ag an doras agus ag breathnú i ndiaidh riachtanais na ndaoine aosta
- Ag cur grin timpeall ar na scoileanna.
Forum (Maigh Eo)
Rinne 14 oibrí ar an Scéim Sóisialta Tuaithe, a riarann FORUM Connemara Ltd, na jabanna seo a leanas do dhaoine aosta agus do dhaoine le míchumas ina bpobal:
- ag glanadh cosáin isteach ag tithe
- ag tabhairt éadaí chuig an neachtlann áitiúil
- ag tabhairt earraí grósaera agus breosla ag an doras
- ag cur caoi ar phíopaí pléasctha chun go mbeadh soláthar uisce ag daoine
- ag glanadh cosán taobh amuigh d’ionaid pobail
- ag tabhairt Béilí ar Rothaí chucu siúd a raibh siad ag teastáil uathu
- cuairteanna agus glaonna gutháin laethúla.
Leanfaidh oibrithe ag tabhairt cuairte ar dhaoine leochaileacha go dtí go dtiocfaidh feabhas ar an aimsir agus go mbeidh an t-uisce tagtha ar ais.
Gaillimh
Chuir maoirseoirí grúpaí pobail ar an eolas go raibh rannpháirtithe na SST ar fáil chun cúnamh a thabhairt le:
- grean a scaipeadh timpeall ar shéipéil, ionaid pobail agus páirceanna spóirt
- Béilí ar Rothaí a chur ar fáil in Áth Cinn
- cuairt a thabhairt ar dhaoine aosta agus siopadóireacht a dhéanamh, uisce a sholáthar agus cúnamh a thabhairt le sceitheadh uisce
- Cill Choirín agus Gleann na Madadh – 3 ionad de chuid Éirim an Iarthair, grean timpeall ar na carrchlóis chun go mbeadh bealach isteach chuig na hionaid seirbhísí
- Baile Liam, Béal Átha Mó – ag glanadh agus ag cur grin ar charrchlóis na séipéal.
Ciarraí
I gCom Uí Dhuibh, chuir rannpháirtithe salann, a chuir búistéirí áitiúla ar fáil, ar na bóithre.
I nDeisceart Chiarraí, chuathas i dteagmháil le daoine aosta le fáil amach an raibh aon riachtanais speisialta acu, lena n-áirítear gearradh agus seachadadh adhmaid (fuílleach adhmaid ó fhoirgnimh agus ó fheirmeacha).
In Iarthuaisceart Chorcaí agus in Oirthear Chiarraí, tá rannpháirtithe na SST ag cinntiú go bhfuil daoine leochaileacha agus daoine aosta fós ag fáil béile cothaíoch gach lá tríd an gclár Béilí ar Rothaí (thart ar 100 béile sa lá). Tá sé seo á bhaint amach le cúnamh ó na feirmeoirí áitiúla lena gcuid tarracóirí.
Tá tús áite tugtha do thithe a bhfuil insliú ag teastáil go géar uathu.
Tá uisce curtha ar fáil freisin ag na rannpháirtithe do roinnt tithe in Áth Trasna a bhí gan uisce de bharr píopaí reoite.
An Longfort
Chuaigh rannpháirtithe an Longfoirt i dteagmháil le hAltraí Sláinte Poiblí, le hOifigí Poist agus le seirbhísí Iompair Tuaithe chun iad a chur ar an eolas go bhfuil siad ar fáil chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu.
Tá rannpháirtithe na SST ag úsáid a gcuid tarracóirí chun uisce agus earraí grósaera a chur ar fáil do chomharsana atá scoite amach. Tá oidis leighis á mbailiú agus á dtabhairt chomh fada le daoine.
Liatroim
Chuathas i dteagmháil leis an gComhairle Contae agus chuidigh rannpháirtithe le bóithre a ghlanadh agus le grean a chur orthu. Tá rannpháirtithe freisin ag tabhairt cuairte ar dhaoine aosta agus ag déanamh siopadóireachta dóibh, ag tabhairt móna agus breosla chucu etc.
Comhlacht Comhpháirtíochta Laoise
Tá treoir tugtha do na rannpháirtithe ar fad tús áite a thabhairt do chosáin a choinneáil glanta agus grean a chur orthu.
Chuir siad na grúpaí pobail ar fad ar an eolas go raibh rannpháirtithe na SST ar fáil chun cúnamh a thabhairt le linn na géarchéime reatha.
Pobal na Mí
Cill Mhaighneann – chinntigh oibrithe na SST go raibh gach cosán glanta do thuismitheoirí agus do leanaí ag an áis cúram leanaí.
Maigh nEalta – tá triúr rannpháirtí ag coinneáil na gcosán glanta agus greanta agus ag comhlíonadh dualgas breise de réir mar is gá.
Uíbh Fhailí
Tá rannpháirtithe ag tabhairt cúnaimh do chomharsana agus do dhaoine aosta ina bpobal ar cibé bealach is féidir leo e.g. siopadóireacht, grean ar bhóithre, ag tabhairt uisce ag ainmhithe.
Comhlacht Forbairt Chomhtháite Ros Comáin
An Currach Buí/An Caisleán Riabhach: Seirbhís Glaonna Cairdiúla don aosach; cuirtear glaoch orthu go laethúil le fáil amach an bhfuil aon rud ag teastáil uathu.
Béal an Átha Mín/Lios an Choill agus Bealach an Doirín - ag tabhairt cuairte ar dhaoine aosta agus ag déanamh siopadóireachta dóibh, ag tabhairt móna/breosla chucu etc.
Sligeach
- Ag tabhairt adhmad don tine ag tithe
- Ag glanadh seaca agus sneachta ó chabhsáin agus ó chosáin séipéal agus ag cur grean orthu
- Ag tabhairt beatha ag ba
- Ag tabhairt cuairte ar dhaoine aosta
- Ag cur caoi ar phíopaí pléasctha
- Ag tabhairt daoine áitiúla ag an ospidéal nuair a theastaíonn
- Ag tabhairt daoine ag na siopaí.
Iardheisceart Mhaigh Eo
Choinnigh rannpháirtithe na SST na tionscadail Béilí ar Rothaí ag imeacht nuair a bhí fíor-dhrochaimsir ann, lena n-áirítear béilí a iompar trí pháirceanna chun dul chomh fada le daoine aosta. An síneadh leis an scéim Béilí ar Rothaí chomh fada le Bealach an Daighin agus Mainistir Mhaigh Eo tugtha chun cinn chun páirteanna de Chill Mheáin a chlúdach freisin.
Cluain Cearbán – grean ar na bóithre ón Mháirt 4 Eanáir, grean á sholáthar ag an údarás áitiúil.
Ag tabhairt earraí grósaera ag daoine aosta nó aon duine nach raibh in ann an teach a fhágáil.
Baile an Róba – chuidigh le Cumann Naomh Uinseann de Pól earraí grósaeara a sheachadadh.
Clár Chlainne Mhuiris agus Bealach an Daighin – seacadadh béilí, cuairt orthu siúd a bhí i ngátar agus grean a chur amach de réir mar a iarradh sin.
Caisleán an Bharraigh – chuidigh le Béilí ar Rothaí
Tuaisceart agus Oirthear Mhaigh Eo
I bpáirteanna d’Oirthear agus de Thuaisceart Mhaigh Eo (Crois Mhaoilíona, mar shampla), tá rannpháirtithe ag tabhairt cuairte ar dhaoine aosta, agus ag ceannach agus ag seachadadh a gcuid earraí grósaera trí úsáid a bhaint as busanna an chórais Iompair Tuaithe.
I gceantair eile (Bealach an Doirín, Coillte Mach agus Baile an Chaisil), tá rannpháirtithe ag tabhairt cuairte ar dhaoine aosta a bhfuil aithne acu orthu cheana fein tríd an scéim Warmer Homes. Tá siad ag coinneáil an chláir Béilí ar Rothaí ar siúl freisin sa cheantar le cúnamh ón bpobal áitiúil. Tá rannpháirtithe ag cur grin ar bhóithre e.g. i gceantar Leacain agus Dhumha Thuama le grean á chur ar fáil ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.
Acaill
Rinne rannpháirtithe na SST in Acaill socruithe le grean a bhailiú ó stórais Chomhairle Contae Mhaigh Eo ag baint úsáide as a gcuid innealra agus a gcuid feithiclí féin agus á scaipeadh ar na taobhbhóithre. Mar gheall ar sin bhí oibrithe na scéime Iompair Tuaithe in ann daoine a bhailiú ag a ndoirse in go leor áiteanna mar is gnáth.
Choinnigh rannpháirtithe na SST, atá ag obair ar Phobal ar Aire, súil ar na daoine aosta ar fad ina gceantar agus chuaigh na hoibrithe lasmuigh in éindí le rannpháirtithe na scéime Béilí ar Rothaí agus iad ag cur grin ar na bóithre beaga iargúlta agus iad ar a mbealach chun béilí te a chur ar fáil i gceantair iargúlta.
Tar éis an reo, laghdaigh na taiscumair uisce go mór in Acaill agus bhí siad á bhfolmhú go tapaidh. Ba fhadhb mhór d’fhoireann Chomhairle Contae Mhaigh Eo an líon ard tithe saoire agus tithe dúnta atá sa cheantar mar go raibh siad sách gnóthach mar a bhí ag cur caoi ar phríomhphíopaí pléasctha. Chuidigh rannpháirtithe na SST chun sceitheadh nó sconnaí a bhí fágtha ar siúl a aimsiú ionas go bhféadfadh an t-údarás áitiúil caoi a chur orthu. Le 3,000 galún á chur amú gach lá de bharr gach sceitheadh nó sconna a bhí fágtha ar siúl, shábháil SST Acla 42,000 galún uisce a bheadh caillte ag an bpobal dá uireasa. Laghdóidh sé sin an brú ar an gcóras agus laghdóidh sé an gá le srian a chur ar an uisce nó é a chasadh as ar fad.
Acaill (Gaeltacht)
Chuidigh rannpháirtithe le Béilí ar Rothaí agus choinnigh siad súil ar dhaoine aosta chun a chinntiú go raibh bia, teas agus uisce acu.
Chuir na rannpháirtithe grean ar fhobhóithre agus ar chabhsáin do dhaoine aosta le salann agus grean ón gComhairle Contae.
D’oibrigh siad leis an gComhairle Contae chun sceitheadh a aimsiú agus chun seiceáil ar phríomhphíopaí.
Cill tSéine
Chuir rannpháirtithe grean ar áiteanna poiblí ar ar chosáin timpeall ar shéipéil agus ar ionaid dochtúra.
Bhí Béilí ar Rothaí ar bun freisin. Chinntigh rannpháirtithe go raibh cabhsáin glan agus sábháilte le siúl orthu.
Chuidigh rannpháirtithe leis an gComhairle Contae chun grean a chur ar bhóithre.
Uíbh Ráthach
Choinnigh rannpháirtithe súil ar dhaoine aosta chun a chinntiú go raibh bia, teas agus uisce acu.
Glan rannpháirtithe clóis scoileanna chun iad a dhéanamh sábháilte do leanaí/thuismitheoirí/mhúinteoirí.
Chuidigh siad leis an gComhairle Contae chun an áit timpeall ar an mbanc buidéal a ghlanadh ó tharla gur cuireadh dhá sheasamh é le linn gaoithe móire.
CDS
Ag cur grin ar bhóithre nach raibh an chomhairle contae in ann a chlúdach.
Tiobraid Árann Thuaidh
Cill Chomáin agus an Teampall Mór:
- D’fhreastail rannpháirtithe na SST ar riachtanais na ndaoine a raibh baint acu leis an Tionscadal Deonach Tithíochta i gcomhar le Cumann Naomh Uinseann de Pól
- D’úsáid siad tarracóir chun dul chomh fada le comharsana leochaileacha a bhí sáinnithe ina gcuid tithe, ag tabhairt bia agus breosla chucu agus ag breathnú amach dá gcuid ainmhithe
- Choinnigh siad cosáin agus bealaí siúlóide glan
Tiobraid Árann Theas
Bhí baint ag oibrithe na SST le:
- Breosla agus uisce a thabhairt ag daoine aosta a bhí gan uisce de bharr píopaí reoite
- Bia a thabhairt ag daoine aosta agus ag comharsana leochaileacha
- Sioc agus sneachta a ghlanadh ó chosáin agus grean a chur orthu
- Tacú leis an gclár le Béilí ar Rothaí
Iarthar Luimnigh
Cúnamh do dhaoine aosta, lena n-áirítear ag tabhairt móna agus breosla chucu, ag glanadh cabhsán etc.
Iarthar Chorcaí
Bhí baint ag rannpháirtithe na SST le:
- Ag bailiú agus ag seachadadh earraí grósaeara, soláthair leighis agus breosla chucu siúd a raibh sé ag teastáil uathu
- Ag glanadh cosán, ag leá píopaí reoite agus ag stocáil breosla.
An Iarmhí
Bhí baint ag rannpháirtithe na SST le:
- Cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí scoite amach lena gcuid siopadóireachta
- Cinntiú go raibh dóthain breosla ag daoine a bhí scoite amach
- Cuairt a thabhairt ar dhaoine aosta sa cheantar chun a gcuid riachtanas a fháil amach
- Dul i dteagmháil le lucht ceirde dóibh siúd a raibh siad ag teastáil uathu
- Bundheisiúcháin a dhéanamh
- Seirbhísí iompair áitiúla a chur ar fáil do dhaoine leochaileacha.
Loch Garman
Tá rannpháirtithe ag tabhairt cuairte ar dhaoine aosta agus ag déanamh siopadóireachta dóibh, ag tabhairt móna agus breosla chucu.




