Baile Nuacht Preaseisiúintí Scéim Labhairt na Gaeilge 2008/2009

Scéim Labhairt na Gaeilge 2008/2009

Nuacht - Preaseisiúintí

Tá figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2008/09 foilsithe anois ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Rinne 3,515 teaghlach iarratas ar dheontas faoin scéim don scoilbhliain sin - ardú beag de 16 teaghlach ar an líon a rinne iarratas faoin scéim in 2007/08.
Tá riar beag iarratas – 44 –  le scrúdú fós. Bhí ardú  de 148 teaghlach ar an líon a thuill an deontas iomlán i gcomórtas leis an líon a thuill deontas iomlán don scoilbhliain 2007/08. Bhí ardú thart ar 150 ar an líon teaghlach ar diúltaíodh an deontas dóibh. Mura sroicheann an teaghlach an caighdeán ard a theastaíonn féadfaidh an Roinn deontas laghdaithe 50% a íoc, más deimhin léi gur féidir leis an teaghlach an caighdeán iomchuí a bhaint amach taobh istigh de thréimhse 3 bliana. Mura n-éiríonn le teaghlach an caighdeán sin a bhaint amach taobh istigh de thrí bliana diúltaítear deontas dóibh ansin.
Is é cuspóir na Scéime muintir na Gaeltachta a spreagadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach agus sa phobal i gcoitinne.
“Tá áthas orm a rá gur éirigh leis an méid sin teaghlaigh Gaeltachta a rinne iarratas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge deontas a fháil. Léiríonn sé an lear mór tuismitheoirí atá ag tógáil clann le Gaeilge sa Ghaeltacht i gcónaí agus tá muid faoi chomaoin ag na daoine óga seo as an tacaíocht atá léirithe acu don Ghaeilge agus an rogha atá déanta acu í a úsáid,” a dúirt an tAire Ó Cuív agus é ag fógairt na dtorthaí.

Scéim Labhairt na Gaeilge - Figiúirí 2006 - 2009

Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 6473215 087 7956378
Email / Ríomhphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it Web/Gréasán: www.pobail.ie